+Airteagal 17 1
|
Airteagal 17 1
1. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a)
|
ceapfaidh ceannaitheoir creidmheasa a bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí;
|
|
(b)
|
i gcás nach bhfuil sainchónaí ar cheannaitheoir creidmheasa san Aontas, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas, déanfaidh a ionadaí, atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19(1), eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, a cheapadh, ach amháin i gcásanna inar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, é an t-ionadaí féin, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna dtabhairt i gcrích le:
|
(i)
|
daoine nádúrtha, lena n-áirítear tomhaltóirí agus oibrithe neamhspleácha;
|
|
(ii)
|
micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (23).
|
|
Féadfaidh na Ballstáit óstacha an ceanglas dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a leathnú chuig comhaontuithe creidmheasa eile.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|