+Airteagal 22 1
|
Airteagal 22 1
1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile a ainmníodh de bhun Airteagal 21(3) gach cumhacht maoirseachta, imscrúdaitheach agus smachtbhannaí a bhfuil gá leo chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an chumhacht chun údarú a dheonú nó a dhiúltú de bhun Airteagail 5 agus 6;
|
|
(b)
|
an chumhacht chun údarú a tharraingt siar de bhun Airteagal 8;
|
|
(c)
|
an chumhacht chun toirmeasc a chur ar aon ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa;
|
|
(d)
|
an chumhacht chun cigireachtaí ar an láthair agus cigireachtaí lasmuigh den láthair a dhéanamh;
|
|
(e)
|
an chumhacht chun pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23;
|
|
(f)
|
an chumhacht chun comhaontuithe seachfhoinsithe arna dtabhairt i gcrích idir seirbhíseoirí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 12(1);
|
|
(g)
|
an chumhacht chun a cheangal ar sheirbhíseoirí creidmheasa comhaltaí de chuid a n-orgán bainistíochta nó riaracháin a bhriseadh as a bpost nuair a mhainníonn siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b), a chomhlíonadh;
|
|
(h)
|
an chumhacht chun a cheangal ar sheirbhíseoirí creidmheasa a socruithe rialachais inmheánaigh agus a sásraí rialaithe inmheánaigh a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go héifeachtach go n-urramófar cearta iasachtaithe i gcomhréir leis na dlíthe lena rialaítear an comhaontú creidmheasa;
|
|
(i)
|
an chumhacht chun a cheangal ar sheirbhíseoirí creidmheasa a mbeartais arna nglacadh a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go gcaitear go cothrom agus go dícheallach le hiasachtaithe, agus gearáin ó iasachtaithe a thaifeadadh agus a láimhseáil;
|
|
(j)
|
an chumhacht chun níos mó faisnéise a iarraidh maidir le haistriú ceart creidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|