|
+Airteagal 5 4. |
Airteagal 5 4.Déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, a bhfuil suíomh urrúsúcháin aige, an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
bunóidh siad nósanna imeachta cuí agus comhréireacha i scríbhinn, atá coibhéiseach i ndáil le próifíl riosca an tsuímh urrúsúcháin, agus, i gcás inarb ábhartha, le leabhar trádála agus le leabhar neamhthrádála an infheisteora institiúidigh, d’fhonn faireachán a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar chomhlíonadh mhír 1 agus mhír 3 agus ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin agus ar na neamhchosaintí foluiteacha. Nuair is ábhartha i ndáil leis na hurrúsúcháin agus na neamhchosaintí foluiteacha, áireofar leis na nósanna imeachta i scríbhinn sin faireachán ar an gcineál neamhchosanta, an céatadán de na hiasachtaí atá níos mó ná 30, 60 agus 90 lá thar téarma, rátaí mainneachtana, rátaí réamhíocaíochta, iasachtaí atá á bhforiamh, rátaí téarnaimh, athcheannach, modhnuithe ar iasachtaí, sosanna íocaíochta, cineál comhthaobhachta agus áitíocht na comhthaobhachta, agus dáileadh minicíochta na scór creidmheasa nó modhanna eile chun acmhainneacht creidmheasa a thomhas thar neamhchosaintí foluiteacha, éagsúlú tionscail agus tíreolaíoch, dáileadh minicíochta na gcóimheasa iasachta i gcoinne luacha le bandaleithid a éascaíonn anailís íogaireachta leormhaith. I gcás inar urrúsuithe iontu féin iad na neamhchosaintí foluiteacha, mar a cheadaítear faoi Airteagal 8, déanfaidh infheisteoirí institiúideacha faireachán freisin ar na neamhchosaintí a fholuíonn na suíomhanna sin;
(b)
i gcás urrúsaithe seachas clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, déanfaidh siad tástálacha struis go rialta ar na sreafaí airgid agus ar na luachanna comhthaobhachta a thacaíonn leis na neamhchosaintí foluiteacha, nó, in éagmais sonraí leordhóthanacha maidir le sreafai airgid agus luachanna comhthaobhachta, tástálacha struis ar thoimhdí caillteanais, agus cineál, scála agus castacht riosca an tsuímh urrúsúcháin á gcur san áireamh;
(c)
i gcás clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, déanfaidh siad tástálacha struis go rialta ar shócmhainneacht agus leachtacht an urraitheora;
(d)
áiritheoidh siad go ndéantar tuairisciú inmheánach dá chomhlacht bainistithe sa dóigh is go bhfuil an comhlacht bainistithe ar an eolas faoi na rioscaí ábhartha a eascraíonn as an suíomh urrúsúcháin agus sa dóigh is go ndéantar bainistiú leordhóthanach ar na rioscaí sin;
(e)
arna iarraidh sin, beidh siad in ann a léiriú dá údaráis inniúl,arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint chuimsitheach chruinn aige ar an suíomh urrúsúcháin agus ar neamhchosaintí foluiteacha an tsuímh sin agus go bhfuil beartais agus nósanna imeachta i scríbhinn curtha chun feidhme aige maidir le bainistiú riosca an tsuímh urrúsúcháin agus maidir le taifid a choinneáil i ndáil leis na fíorúcháin agus leis an dícheall cuí i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 agus maidir le haon fhaisnéis ábhartha eile; agus
(f)
i gcás neamhchosaintí ar chlár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, a bheith in ann a thaispeáint dá údaráis inniúla, arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint bheacht chuimsitheach aige ar cháilíocht chreidmheasa an urraitheora agus ar théarmaí na saoráide leachtachta a chuirtear ar fáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|