|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Déanfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh glanleas eacnamaíoch ábhartha san urrúsú nach lú ná 5 % a choinneáil ar bhonn leanúnach.Déanfar an leas sin a thomhas tráth an tionscanta agus cinnfear é de réir luach barúlach na n-ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe. I gcás nár chomhaontaigh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh eatarthu cé acu a choinneoidh an glanleas eacnamaíoch ábhartha, is é an tionscnóir a choinneoidh an glanleas eacnamaíoch ábhartha sin. Ní dhéanfar na ceanglais choinneála a bhaineann le haon urrúsú faoi leith a chur i bhfeidhm níos mó ná uair amháin. Ní dhéanfar an glanleas eacnamaíoch ábhartha a roinnt idir cineálacha éagsúla coinneálaithe ná ní bheidh sé faoi réir aon mhaolaithe riosca creidmheasa ná fálaithe. Chun críocha an Airteagail seo, ní mheasfar gur tionscnóir eintiteas má bunaíodh an t-eintiteas nó má tá sé ag feidhmiú chun neamhchosaintí a urrúsú agus chun na críche sin amháin. Agus an glanleas eacnamaíoch ábhartha á thomhas, déanfaidh an coinneálaí aon táillí a chur san áireamh a bhféadfaí úsáid a bhaint astu, i gcleachtas, chun laghdú a dhéanamh ar an nglanleas eacnamaíoch ábhartha iarbhír. I gcás urrúsuithe traidisiúnta NPE, féadfaidh an seirbhíseoir ceanglas na míre seo a chomhlíonadh freisin ar choinníoll gur féidir leis an seirbhíseoir a léiriú go bhfuil saineolas aige maidir le seirbhísiú a dhéanamh ar neamhchosaintí atá comhchosúil leis na neamhchosaintí urrúsaithe agus go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca i bhfeidhm aige atá dea-dhoiciméadaithe agus leormhaith a bhaineann le seirbhísiú a dhéanamh ar neamhchosaintí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|