|
+Airteagal 6 7. |
Airteagal 6 7.Forbróidh an ÚBE, i ndlúthchomhar leis an ÚEUM agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an ceanglas maidir le coinneáil riosca a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe, go háirithe i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a)
na módúlachtaí a bhaineann le riosca a choinneáil de bhun mhír 3, lena n-áirítear comhlíontacht trí chineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála;
(b)
leibhéal na coinneála dá dtagraítear i mír 1 a thomhas;
(c)
fálú nó díol an leasa atá á choinneáil a thoirmeasc;
(d)
na coinníollacha a bhaineann le coinneáil ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 4;
(e)
na coinníollacha a bhaineann le hidirbhearta a dhíolmhú bunaithe ar innéacs soiléir, trédhearcach, inrochtana dá dtagraítear i mír 6;
(f)
na módúlachtaí a bhaineann le riosca a choinneáil de bhun mhíreanna 3 agus 3a i gcás urrúsuithe NPE;
(g)
iarmhairt na dtáillí arna n-íoc leis an gcoinneálaí ar an nglanleas eacnamaíoch ábhartha iarbhír de réir bhrí mhír 1. Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|