+Airteagal 28 Comhlíonadh STS á fhíorú ag tríú páirtí
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
|
Airteagal 28 Comhlíonadh STS á fhíorú ag tríú páirtí
Comhlíonadh STS á fhíorú ag tríú páirtí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
►M1
Údaróidh an t-údarás inniúil do thríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 27(2) measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil critéir STS dá bhforáiltear in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsuithe. ◄ Tabharfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní ghearrann an tríú páirtí ach muirir neamh-idirdhealaitheacha agus táillí atá bunaithe ar chostais amháin ar na tionscnóirí, na hurraitheoirí nó ar SSPEnna atá bainteach leis na hurrúsuithe a ndéanann an tríú páirtí measúnú orthu gan idirdhealú a dhéanamh idir na táillí, de réir thorthaí a mheasúnaithe nó i gcomhchoibhneas leo;
(b)
ní eintiteas rialáilte é an tríú páirtí mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE ná ní gníomhaireacht rátála creidmheasa é mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus ní bhaineann feidhmíocht ghníomhaíochtaí eile an tríú páirtí ó neamhspleáchas ná ó shláine a mheasúnaithe;
(c)
ní chuirfidh an tríú páirtí seirbhís chomhairleach, iniúchóireachta nó seirbhís choibhéiseach de chineál ar bith ar fáil don tionscnóir, don urraitheoir ná do SSPE atá bainteach leis na hurrúsuithe ar a ndéanann an tríú páirtí measúnú;
(d)
tá cáilíochtaí gairmiúla, eolas gairmiúil agus taithí ghairmiúil ag comhaltaí bhord bainistíochta an tríú páirtí atá leordhóthanach do chúram an tríú páirtí agus tá dea-chlú orthu agus tá siad macánta;
(e)
is stiúrthóirí neamhspleácha a bheidh in aon tríú cuid de chomhlacht bainistíochta an tríú páirtí, agus beidh ar a laghad beirt stiúrthóirí neamhspleácha ar an gcomhlacht bainistíochta sin;
(f)
déanann an tríú páirtí gach is gá lena áirithiú nach gcuirfear isteach ar an bhfíorú ar chomhlíonadh STS mar thoradh ar aon choinbhleacht leasa nó aon chaidreamh gnó atá ag baint nó a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an tríú páirtí, a gheallsealbhóirí nó a chomhaltaí, nó bainisteoirí, fostaithe nó aon duine nádúrtha eile a chuireann seirbhísí ar fáil don tríú páirtí nó atá faoina smacht. Chun na críche sin, déanfaidh an tríú páirtí córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú lena rialófar cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta d’fhonn coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a chosc. I gcás go sainaithnítear coinbhleachtaí leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfar iad a dhíchur nó a mhaolú agus a nochtadh gan mhoill. Déanfaidh an tríú páirtí nósanna imeachta agus próisis leordhóthanacha a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú chun a áirithiú go ndéanfar an measúnú ar chomhlíonadh STS ar bhonn neamhspleách. Déanfaidh an tríú páirtí faireachán agus athbhreithniú go tréimhsiúil ar na bearta agus ar na nósanna imeachta sin d’fhonn a n-éifeachtúlacht a mheas agus féachaint ar cheart iad a nuashonrú; agus
(g)
féadfaidh an tríú páirtí a thaispeáint go bhfuil coimircí oibriúcháin agus próisis inmheánacha iomchuí aige lenar féidir leis measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh STS.
Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú a aistarraingt nuair a mheasann sé nach gcomhlíonann tríú páirtí an chéad fhomhír ó thaobh ábhair de.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Tabharfaidh tríú páirtí a údaraítear i gcomhréir le mír 1 fógra dá údarás inniúil gan mhoill faoi aon athruithe ábhartha ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin mhír sin, nó faoi aon athruithe eile a bhféadfaí a mheas le réasún go bhféadfadh siad tionchar a imirt ar an measúnú ar a údarás inniúil.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil táillí costas-bhunaithe a ghearradh ar an tríú páirtí dá dtagraítear i mír 1, d’fhonn an caiteachas riachtanach sin a chumhdach a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar iarratais ar údarú agus le faireachán ina dhiaidh sin ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin a leagtar amach i mír 1.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil do na húdaráis inniúla san iarratas ar an údarú do thríú páirtí i gcomhréir le mír 1. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|