|
+Airteagal 28 1. |
Airteagal 28 1.►M1 Údaróidh an t-údarás inniúil do thríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 27(2) measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil critéir STS dá bhforáiltear in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsuithe. ◄ Tabharfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní ghearrann an tríú páirtí ach muirir neamh-idirdhealaitheacha agus táillí atá bunaithe ar chostais amháin ar na tionscnóirí, na hurraitheoirí nó ar SSPEnna atá bainteach leis na hurrúsuithe a ndéanann an tríú páirtí measúnú orthu gan idirdhealú a dhéanamh idir na táillí, de réir thorthaí a mheasúnaithe nó i gcomhchoibhneas leo;
(b)
ní eintiteas rialáilte é an tríú páirtí mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE ná ní gníomhaireacht rátála creidmheasa é mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus ní bhaineann feidhmíocht ghníomhaíochtaí eile an tríú páirtí ó neamhspleáchas ná ó shláine a mheasúnaithe;
(c)
ní chuirfidh an tríú páirtí seirbhís chomhairleach, iniúchóireachta nó seirbhís choibhéiseach de chineál ar bith ar fáil don tionscnóir, don urraitheoir ná do SSPE atá bainteach leis na hurrúsuithe ar a ndéanann an tríú páirtí measúnú;
(d)
tá cáilíochtaí gairmiúla, eolas gairmiúil agus taithí ghairmiúil ag comhaltaí bhord bainistíochta an tríú páirtí atá leordhóthanach do chúram an tríú páirtí agus tá dea-chlú orthu agus tá siad macánta;
(e)
is stiúrthóirí neamhspleácha a bheidh in aon tríú cuid de chomhlacht bainistíochta an tríú páirtí, agus beidh ar a laghad beirt stiúrthóirí neamhspleácha ar an gcomhlacht bainistíochta sin;
(f)
déanann an tríú páirtí gach is gá lena áirithiú nach gcuirfear isteach ar an bhfíorú ar chomhlíonadh STS mar thoradh ar aon choinbhleacht leasa nó aon chaidreamh gnó atá ag baint nó a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an tríú páirtí, a gheallsealbhóirí nó a chomhaltaí, nó bainisteoirí, fostaithe nó aon duine nádúrtha eile a chuireann seirbhísí ar fáil don tríú páirtí nó atá faoina smacht. Chun na críche sin, déanfaidh an tríú páirtí córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú lena rialófar cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta d’fhonn coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a chosc. I gcás go sainaithnítear coinbhleachtaí leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfar iad a dhíchur nó a mhaolú agus a nochtadh gan mhoill. Déanfaidh an tríú páirtí nósanna imeachta agus próisis leordhóthanacha a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú chun a áirithiú go ndéanfar an measúnú ar chomhlíonadh STS ar bhonn neamhspleách. Déanfaidh an tríú páirtí faireachán agus athbhreithniú go tréimhsiúil ar na bearta agus ar na nósanna imeachta sin d’fhonn a n-éifeachtúlacht a mheas agus féachaint ar cheart iad a nuashonrú; agus
(g)
féadfaidh an tríú páirtí a thaispeáint go bhfuil coimircí oibriúcháin agus próisis inmheánacha iomchuí aige lenar féidir leis measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh STS. Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú a aistarraingt nuair a mheasann sé nach gcomhlíonann tríú páirtí an chéad fhomhír ó thaobh ábhair de. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|