|
+Airteagal 30 2. |
Airteagal 30 2.Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú go rialta ar na socruithe, próisis agus sásraí atá curtha chun feidhme ag tionscnóirí, urraitheoirí, SSPEnna agus iasachtóirí bunaidh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh. Áireofar an méid seo a leanas go háirithe leis an athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
na próisis agus na sásraí chun an glanleas eacnamaíoch ábhartha a thomhas i gceart agus a chaomhnú ar bhonn leanúnach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus bailiú agus nochtadh tráthúil na faisnéise uile atá le cur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7;
(aa)
i gcás neamhchosaintí nach bhfuil mar chuid d’urrúsú NPE:
(i)
na critéir deonaithe creidmheasa arna gcur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí tuillmheacha i gcomhréir le hAirteagal 9;
(ii)
na caighdeáin fhónta do roghnú agus praghsáil arna gcur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí foluiteacha atá ina neamhchosaintí neamhthuillmheacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(1);
(b)
i gcás urrúsuithe STS nach urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear go gcomhlíonfar Airteagal 20(7) go (12), Airteagal 21(7), agus Airteagal 22; agus
(c)
i gcás urrúsuithe STS ar urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear, maidir le hidirbhearta ABCP, go gcomhlíonfar comhlíonadh ceanglais Airteagal 24 agus, maidir le cláir ABCP, go gcomhlíonfar na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 26(7) agus (8);
(d)
i gcás urrúsuithe NPE, na próisis agus na sásraí chun comhlíonadh Airteagal 9(1) a áirithiú lena gcuirtear cosc ar aon drochúsáid den mhaolú dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 9(1); agus
(e)
i gcás urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, na próisis agus na sásraí chun comhlíonadh Airteagail 26b go 26e a áirithiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|