|
+Airteagal 36 6. |
Airteagal 36 6.Tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, déanfaidh údarás inniúil an eintitis a bhfuil amhras faoi maidir leis an sárúaon bheart is gá, laistigh de 15 lá oibre, chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a sainaithníodh agus tabharfaidh sé fógra do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, go háirithe údaráis inniúla an tionscnóra, an urraitheora, agus SSPE agus údaráis inniúla sealbhóra suímh urrúsúcháin, nuair is eol cé hiad. I gcás go n-easaíontaíonn údarás inniúil le húdarás inniúil eile i ndáil leis an nós imeachta nó lena ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht, cuirfidh sé sin in iúl do na húdaráis inniúla eile ar fad atá bainteach, gan aon mhoill mhíchuí. Mura réiteofar an t-easaontas sin laistigh de thrí mhí ón dáta a dtabharfar fógra do na húdaráis inniúla eile ar fad atá bainteach, cuirfear an cheist ar aghaidh chuig BERS i gcomhréir le hAirteagal 19 agus, i gcás inarb iomchuí, le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Mí amháin a bheidh sa tréimhse idir-réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás nach bhféadfaidh na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 1 mhí. Le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, measfar i gcónaí gur STS de bhun Chaibidil 4 den Rialachán seo urrúsú a bheidh le feiceáil ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 27 den Rialachán seo agus coimeádfar ar an liosta sin é. I gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann go mbaineann an sárú le neamh-chomhlíonadh Airteagal 18 de mheon macánta, féadfaidh siad a chinneadh tréimhse suas le 3 mhí a thabhairt don tionscnóir, don urraitheoir agus do SSPE leis an sárú a aithníodh a leigheas, agus cuirfear tús leis an tréimhse sin an lá a gcuireann an t-údarás inniúil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE ar an eolas faoin sárú. Le linn na tréimhse sin, leanfar d’urrúsú atá ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 27 a mheas mar STS de bhun Chaibidil 4 agus déanfar iad a choimeád ar an liosta sin. I gcás ina mbeidh ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann den tuairim nach ndearnadh an sárú a leigheas mar ba chuí laistigh den tréimhse a leagtar amach sa tríú fomhír í, beidh feidhm ag an chéad fhomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|