+Airteagal 37 Foilsiú na smachtbhannaí riaracháin
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.
---+Airteagal 37 6.
---+Airteagal 37 7.
|
Airteagal 37 Foilsiú na smachtbhannaí riaracháin
Foilsiú na smachtbhannaí riaracháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla, gan aon mhoill mhíchuí agus ar a laghad, aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nach bhfuil aon achomharc ina choinne agus a fhorchuirtear i gcás sárú ar Airteagail 6, 7, 9 nó 27(1) tar éis fógra a thabhairt do sheolaí an smachtbhanna faoin gcinneadh sin.
|
|
Airteagal 37 2.
|
San fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoi chineál agus nádúr an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach as agus faoi na smachtbhannaí a forchuireadh.
|
|
Airteagal 37 3.
|
I gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlíthiúla, nó céannacht agus sonraí pearsanta, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú cás ar chás a dhéanamh, nó i gcás ina measann an t-údarás inniúil go gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe coiriúla leanúnacha i mbaol leis an bhfoilsiú nó más rud é go ndéanfaí, a mhéad a fhéadfar a chinneadh, díobháil neamhréireach don duine lena mbaineann mar thoradh ar an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
moill a chur ar fhoilsiú an chinnidh maidir leis an smachtbhanna riaracháin a fhorchur go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá ann gan é a fhoilsiú;
(b)
an cinneadh lena bhforchuirtear an smachtbhanna riaracháin a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó
(c)
gan an cinneadh maidir le smachtbhanna riaracháin a fhorchur a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás ina meastar gur neamhleor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) leis an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)
nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol; nó
(ii)
comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.
|
|
Airteagal 37 4.
|
I gcás ina ndéanfar cinneadh smachtbhanna a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar. I gcás ina bhfoilseoidh údarás inniúil cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin a bhfuil achomharc ina choinne os comhair na n-údarás breithiúnach ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin a fhoilsiú in áit na mbonn ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar freisin aon chinneadh breithiúnach lena gcuirtear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin.
|
|
Airteagal 37 5.
|
Áiritheoidh na h údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann 5 bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.
|
|
Airteagal 37 6.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas faoi na smachtbhannaí riaracháin go léir a forchuireadh, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, aon achomharc lena mbaineann agus toradh an achomhairc sin.
|
|
Airteagal 37 7.
|
Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach de smachtbhannaí riaracháin a chuirtear in iúl dó. Ní bheidh an bunachar sonraí sin inrochtana ach amháin ag ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC agus na húdaráis inniúla agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil i gcomhréir le mír 6.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|