|
+Airteagal 37 3. |
Airteagal 37 3.I gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlíthiúla, nó céannacht agus sonraí pearsanta, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú cás ar chás a dhéanamh, nó i gcás ina measann an t-údarás inniúil go gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe coiriúla leanúnacha i mbaol leis an bhfoilsiú nó más rud é go ndéanfaí, a mhéad a fhéadfar a chinneadh, díobháil neamhréireach don duine lena mbaineann mar thoradh ar an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
moill a chur ar fhoilsiú an chinnidh maidir leis an smachtbhanna riaracháin a fhorchur go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá ann gan é a fhoilsiú;
(b)
an cinneadh lena bhforchuirtear an smachtbhanna riaracháin a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó
(c)
gan an cinneadh maidir le smachtbhanna riaracháin a fhorchur a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás ina meastar gur neamhleor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) leis an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)
nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol; nó
(ii)
comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|