+Airteagal 4 2
|
Airteagal 4 2
2. Is iad seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí den choláiste réitigh:
|
(c)
|
údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an Banc Ceannais Eorpach (BCE) faoi chuimsiú na gcúraimí maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi chuimsiú an tsásra maoirseachta aonair arna dtabhairt dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (22) agus an Bord Réitigh Aonair (BRA) ina ról mar údarás réitigh ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra réitigh aonair arna thabhairt dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;
|
|
(d)
|
údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh, seachas iadsan dá dtagraítear i bpointe (c). Cuirfidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh sin údarás réitigh an CPL ar an eolas agus tabharfaidh siad údar cuí lena rannpháirtíocht sa choláiste bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar an gcobhsaíocht airgeadais ina mBallstát faoi seach;
|
|
(e)
|
údaráis inniúla nó údaráis réitigh chliaint na gcomhaltaí imréitigh, ar choinníoll nach bhfuil comhalta óna mBallstát féin sa choláiste cheana féin i gcomhréir le pointí (c), (d), (f), (g) nó (h) den mhír seo. Cuirfidh na húdaráis sin údarás réitigh an CPL ar an eolas agus tabharfaidh siad údar cuí lena rannpháirtíocht sa choláiste bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar an gcobhsaíocht airgeadais ina mBallstát faoi seach;
|
|
(f)
|
na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(g)
|
údaráis inniúla agus údaráis réitigh na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(h)
|
na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(i)
|
comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(j)
|
na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(k)
|
bainc cheannais eisiúna airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais arna n-imréiteach ag an CPL, seachas iadsan dá dtagraítear i bpointe (j). Cuirfidh na bainc cheannais eisiúna sin údarás réitigh an CPL ar an eolas agus tabharfaidh siad údar cuí lena rannpháirtíocht sa choláiste bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar a n-airgeadra eisiúna faoi seach;
|
|
(l)
|
údarás inniúla an mháthairghnóthais, i gcás inarb infheidhme;
|
|
(m)
|
an aireacht inniúil, i gcás nach é an t-údarás réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) an aireacht inniúil;
|
|
(o)
|
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1093/2010.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|