+Airteagal 4 Coláistí réitigh
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4
---+Airteagal 4 5
---+Airteagal 4 6
---+Airteagal 4 7
|
Airteagal 4 Coláistí réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1
|
1. Déanfaidh údarás réitigh an CPL coláiste réitigh a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 12, 15 agus 16 a dhéanamh, agus áiritheoidh sé comhar agus comhordú leis na húdaráis is comhaltaí den choláiste réitigh agus, i gcás inarb iomchuí, comhar le húdaráis inniúla agus údaráis réitigh tríú tír.
Soláthróidh na coláistí réitigh creat faoina ndéanfaidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis ábhartha eile na cúraimí seo a leanas:
|
(a)
|
faisnéis a mhalartú is ábhartha maidir le pleananna réitigh a tharraingt suas, lena n-áirítear maidir leis an tionchar sistéamach a bheidh ag cur chun feidhme an phlean réitigh a chur san áireamh, maidir le cur i bhfeidhm bearta ullmhúcháin agus coisctheacha, agus maidir le réiteach;
|
|
(b)
|
pleananna réitigh a tharraingt suas de bhun Airteagal 12;
|
|
(c)
|
measúnú a dhéanamh ar inréititheacht CPLanna de bhun Airteagal 15;
|
|
(d)
|
baic ar inréititheacht CPLanna a shainaithint, dul i ngleic leo agus deireadh a chur leo, de bhun Airteagal 16; agus
|
|
(e)
|
comhordú a dhéanamh ar an gcumarsáid phoiblí maidir le pleananna agus straitéisí réitigh.
|
|
|
Airteagal 4 2
|
2. Is iad seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí den choláiste réitigh:
|
(c)
|
údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an Banc Ceannais Eorpach (BCE) faoi chuimsiú na gcúraimí maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi chuimsiú an tsásra maoirseachta aonair arna dtabhairt dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (22) agus an Bord Réitigh Aonair (BRA) ina ról mar údarás réitigh ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra réitigh aonair arna thabhairt dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;
|
|
(d)
|
údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh, seachas iadsan dá dtagraítear i bpointe (c). Cuirfidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh sin údarás réitigh an CPL ar an eolas agus tabharfaidh siad údar cuí lena rannpháirtíocht sa choláiste bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar an gcobhsaíocht airgeadais ina mBallstát faoi seach;
|
|
(e)
|
údaráis inniúla nó údaráis réitigh chliaint na gcomhaltaí imréitigh, ar choinníoll nach bhfuil comhalta óna mBallstát féin sa choláiste cheana féin i gcomhréir le pointí (c), (d), (f), (g) nó (h) den mhír seo. Cuirfidh na húdaráis sin údarás réitigh an CPL ar an eolas agus tabharfaidh siad údar cuí lena rannpháirtíocht sa choláiste bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar an gcobhsaíocht airgeadais ina mBallstát faoi seach;
|
|
(f)
|
na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(g)
|
údaráis inniúla agus údaráis réitigh na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(h)
|
na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(i)
|
comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(j)
|
na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(k)
|
bainc cheannais eisiúna airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais arna n-imréiteach ag an CPL, seachas iadsan dá dtagraítear i bpointe (j). Cuirfidh na bainc cheannais eisiúna sin údarás réitigh an CPL ar an eolas agus tabharfaidh siad údar cuí lena rannpháirtíocht sa choláiste bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar a n-airgeadra eisiúna faoi seach;
|
|
(l)
|
údarás inniúla an mháthairghnóthais, i gcás inarb infheidhme;
|
|
(m)
|
an aireacht inniúil, i gcás nach é an t-údarás réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) an aireacht inniúil;
|
|
(o)
|
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1093/2010.
|
|
|
Airteagal 4 3
|
3. Ní bheidh cearta vótála sna coláistí réitigh ag ESMA, ag ÚBE, ná ag na húdaráis dá dtagraítear i bpointí (d), (e), (k) agus (l) de mhír 2.
I gcás inar comhalta den choláiste BCE de bhun pointí (c) agus (j) de mhír 2, beidh dhá vóta aige sa choláiste.
|
|
Airteagal 4 4
|
4. Údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh atá bunaithe i dtríú tíortha agus údaráis inniúla agus údaráis réitigh CPLanna tríú tír a bhfuil socruithe idir-inoibritheachta curtha ar bun ag an CPL leo, féadfar iarraidh orthu a bheith rannpháirteach sa choláiste réitigh mar bhreathnóirí. Féadfaidh siad freastal ar an gcoláiste ar choinníoll go mbeidh ceanglais rúndachta ar na húdaráis sin a bheidh coibhéiseach, i dtuairim údarás réitigh an CPL, i gcáil chathaoirleach an choláiste réitigh, leis na ceanglais rúndachta a leagtar síos in Airteagal 73.
Féadfar rannpháirtíocht údarás tríú tír sa choláiste réitigh a theorannú do shaincheisteanna ar leith maidir le forfheidhmiú trasteorann a phlé, lena bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh:
|
(a)
|
forfheidhmiú éifeachtach agus comhordaithe ar ghníomhaíochtaí réitigh, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 53 agus le hAirteagal 77;
|
|
(b)
|
sainaithint agus díothú na mbac a d’fhéadfadh cosc a chur le gníomhaíocht éifeachtach réitigh, ar baic iad a d’fhéadfadh a eascairt ó éagsúlacht sna dlíthe lena rialaítear comhthaobhacht, socruithe glanluachála agus fritháirimh, agus ó chumhachtaí nó straitéisí difriúla maidir le téarnamh agus réiteach;
|
|
(c)
|
sainaithint agus comhordú aon ghá le ceanglais nua maidir le ceadúnú, aithint nó údarú, ag cur san áireamh gur gá gníomhaíochtaí réitigh a chur i gcrích go tráthúil;
|
|
(d)
|
fionraí fhéideartha aon oibleagáide imréitigh i gcás na n-aicmí ábhartha sócmhainní dá ndéanfar difear de thoradh réiteach an CPL de bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó de bhun aon fhoráil choibhéiseach i ndlí náisiúnta an tríú tír lena mbaineann;
|
|
(e)
|
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag amchriosanna éagsúla ar na huaireanta scoir gnó is infheidhme maidir le deireadh le trádáil.
|
|
|
Airteagal 4 5
|
5. Beidh údarás réitigh an CPL ina cháil mar chathaoirleach an choláiste réitigh freagrach as na cúraimí seo a leanas:
|
(a)
|
socruithe agus nósanna imeachta a bhunú i scríbhinn maidir le feidhmiú an choláiste réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh;
|
|
(b)
|
gníomhaíochtaí uile an choláiste réitigh a chomhordú;
|
|
(c)
|
cruinnithe uile an choláiste réitigh a ghairm agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu;
|
|
(d)
|
comhaltaí uile an choláiste réitigh a choinneáil go hiomlán ar an eolas sula n-eagrófar na cruinnithe, maidir leis na príomh-shaincheisteanna a bheidh le plé sna cruinnithe sin agus maidir leis na nithe a bheidh le meas chun críocha an phlé sin;
|
|
(e)
|
cinneadh a dhéanamh an iarrfar ar údaráis tríú tír, agus cé na húdaráis tríú tír a n-iarrfar orthu, freastal ar chruinnithe áirithe den choláiste réitigh i gcomhréir le mír 4;
|
|
(f)
|
malartú tráthúil na faisnéise ábhartha uile idir comhaltaí an choláiste réitigh a chumasú, a chur chun cinn agus a chomhordú; agus
|
|
(g)
|
comhaltaí uile an choláiste a choinneáil ar an eolas, ar mhodh tráthúil, faoi chinntí agus faoi thorthaí na gcruinnithe sin.
|
|
|
Airteagal 4 6
|
6. Chun feidhmiú na gcúraimí a sannadh don choláiste a éascú, beidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i mír 2 i dteideal rannchuidiú le socrú chláir oibre chruinnithe an choláiste, go háirithe trí phointí a chur le clár oibre an chruinnithe.
|
|
Airteagal 4 7
|
7. Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí réitigh ar fud an Aontais a áirithiú, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun inneachar na socruithe agus na nósanna imeachta i scríbhinn maidir le feidhmiú na gcoláistí réitigh dá dtagraítear i mír 1 a shonrú.
Chun na caighdeáin rialála sin a ullmhú, cuirfidh ESMA san áireamh forálacha ábhartha na rialachán tarmligthe arna nglacadh ar bhonn Airteagal 88(7) de Threoir 2014/59/AE.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|