+Airteagal 15 Measúnú ar inréititheacht
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
---+Airteagal 15 6
|
Airteagal 15 Measúnú ar inréititheacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. Déanfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhordú leis an gcoláiste réitigh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17, agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, measúnú ar a mhéid a bheidh CPL inréitithe gan toimhdiú i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;
|
|
(b)
|
cúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de;
|
|
(c)
|
cúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús.
|
|
|
Airteagal 15 2
|
2. Measfar go mbeidh CPL inréitithe i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh go mbeidh sé indéanta agus inchreidte é a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó é a réiteach trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú agus leanúnachas fheidhmeanna criticiúla an CPL a áirithiú agus aon úsáid tacaíochta airgeadais poiblí urghnáiche, agus, a mhéid is mó is féidir, aon iarmhairt dhíobhálach shuntasach ar an gcóras airgeadais mar aon leis an bhféidearthacht go mbeadh na geallsealbhóirí dá ndéantar difear faoi mhíbhuntáiste míchuí, á seachaint.
Áireofar ar na héifeachtaí díobhálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha in aon Bhallstát.
Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra do ESMA go tráthúil i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil CPL inréitithe.
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Arna iarraidh sin don údarás réitigh, léireoidh CPL an méid seo a leanas:
|
(a)
|
nach ann d’aon ní a chuirfeadh bac ar luach ionstraimí úinéireachta a laghdú i ndiaidh fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh, is cuma socruithe conarthacha gan chomhlíonadh nó bearta eile i bplean réitigh an CPL a bheith ídithe go hiomlán nó gan a bheith; agus
|
|
(b)
|
nach gcuireann conarthaí an CPL le comhaltaí réitigh nó le tríú páirtithe ar chumas na gcomhaltaí réitigh nó na dtríú páirtithe sin agóid a dhéanamh go rathúil i leith fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh ag údarás réitigh ná ní shaorann iad ó bheith faoi réir na gcumhachtaí sin ar shlí eile.
|
|
|
Airteagal 15 4
|
4. Chun críocha an mheasúnaithe ar inréititheacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t-údarás réitigh, nuair is ábhartha, na nithe a shonraítear i Roinn C den Iarscríbhinn.
|
|
Airteagal 15 5
|
5. Faoin 12 Lúnasa 2022, déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le BERS, treoirlínte a eisiúint chun cóineasú cleachtas réitigh a chur chun cinn maidir le cur i bhfeidhm roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 15 6
|
6. Déanfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhar leis an gcoláiste réitigh, an measúnú ar inréititheacht le linn dó an plean réitigh a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 12.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|