2. Measfar go mbeidh CPL inréitithe i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh go mbeidh sé indéanta agus inchreidte é a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó é a réiteach trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú agus leanúnachas fheidhmeanna criticiúla an CPL a áirithiú agus aon úsáid tacaíochta airgeadais poiblí urghnáiche, agus, a mhéid is mó is féidir, aon iarmhairt dhíobhálach shuntasach ar an gcóras airgeadais mar aon leis an bhféidearthacht go mbeadh na geallsealbhóirí dá ndéantar difear faoi mhíbhuntáiste míchuí, á seachaint.
Áireofar ar na héifeachtaí díobhálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha in aon Bhallstát.
Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra do ESMA go tráthúil i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil CPL inréitithe.