11. Agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm, áiritheoidh na húdaráis réitigh, ar bhonn luacháil a chomhlíonann Airteagal 25, athbhunú leabhair chomhoiriúnaithe, leithdháileadh iomlán na gcaillteanas, athshlánú acmhainní réamh-mhaoinithe an CPL nó an CPL idirlinne, agus athchaipitliú an CPL nó an CPL idirlinne.
Áiritheoidh na húdaráis réitigh go ndéanfar na hacmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú agus an CPL nó an CPL idirlinne a athchaipitliú, mar a thagraítear dó sa chéad fhomhír, a mhéid is leor chun cumas an CPL nó an CPL idirlinne a athbhunú i dtaobh chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus chun leanúint d’fheidhmeanna criticiúla an CPL nó an CPL idirlinne a dhéanamh, agus rialacha oibríochta an CPL nó an CPL idirlinne á gcur san áireamh.
D’ainneoin uirlisí réitigh eile a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis réitigh na huirlisí dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 a chur i bhfeidhm chun an CPL a athchaipitliú.