1. Féadfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a aistriú chuig CPL idirlinne:
|
(a)
|
ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach; agus
|
|
(b)
|
aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a bhaineann leis an CPL faoi réiteach.
|
Féadfar an t-aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh in éagmais thoiliú scairshealbhóirí an CPL faoi réiteach nó aon tríú páirtí cé is moite den CPL idirlinne agus gan aon cheanglais nós imeachta faoi dhlí na gcuideachtaí nó faoi dhlí na n-urrús a chomhlíonadh cé is moite díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 43.