+Airteagal 79 Comhar le húdaráis tríú tíortha
---+Airteagal 79 1
---+Airteagal 79 2
---+Airteagal 79 3
---+Airteagal 79 4
---+Airteagal 79 5
|
Airteagal 79 Comhar le húdaráis tríú tíortha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 79 1
|
1. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhar le tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 76(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 76(1) a theacht i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha a mhéid nach bhfuil ábhar an Airteagail seo á rialú leis an gcomhaontú sin.
|
|
Airteagal 79 2
|
2. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh údaráis inniúla nó údaráis réitigh socruithe comhair a chur i gcrích leis na húdaráis ábhartha tríú tír seo a leanas, ag cur san áireamh socruithe comhair atá ann cheana a bunaíodh de bhun Airteagal 25(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012:
|
(a)
|
i gcás ina soláthróidh CPL tríú tír seirbhísí nó ina bhfuil fochuideachtaí aige i mBallstát amháin nó níos mó dá chuid, údaráis ábhartha tríú tír ina bhfuil an CPL bunaithe;
|
|
(b)
|
i gcás ina soláthróidh CPL seirbhísí i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil fochuideachta tríú tír amháin nó níos mó aige, údaráis ábhartha tríú tír ina soláthraítear na seirbhísí sin nó ina bhfuil na fochuideachtaí bunaithe.
|
|
|
Airteagal 79 3
|
3. Leis na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, bunófar próisis agus socruithe idir na húdaráis rannpháirteacha d’fhonn an fhaisnéis riachtanach a chomhroinnt agus chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh i gcomhar le chéile, agus chun na cumhachtaí seo a leanas a fheidhmiú maidir le CPLanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír sin nó maidir le grúpaí lena n-áirítear na CPLanna sin:
|
(a)
|
pleananna réitigh a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 12 agus ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;
|
|
(b)
|
measúnú ar inréititheacht institiúidí agus grúpaí den sórt sin, i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;
|
|
(c)
|
cur i bhfeidhm na gcumhachtaí chun dul i ngleic le hinréititheacht nó baic léi a bhaint de bhun Airteagal 16 agus aon chumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;
|
|
(d)
|
cur i bhfeidhm bearta luath-idirghabhála de bhun Airteagal 18 agus cumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha; agus
|
|
(e)
|
cur i bhfeidhm uirlisí réitigh agus feidhmiú cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla a tugadh do na húdaráis ábhartha tríú tír.
|
|
|
Airteagal 79 4
|
4. Sna socruithe comhair a thabharfar i gcrích idir údaráis réitigh agus údaráis inniúla na mBallstát agus na dtríú tíortha de bhun mhír 2, féadfaidh forálacha maidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:
|
(a)
|
an malartú faisnéise atá riachtanach d’fhonn phleananna réitigh a ullmhú agus a choimeád;
|
|
(b)
|
comhairliúchán agus comhar i leith pleananna réitigh a tharraingt suas, lena n-áirítear prionsabail maidir le feidhmiú cumhachtaí faoi Airteagal 77 agus cumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú dtíortha ábhartha;
|
|
(c)
|
an malartú faisnéise atá de dhíth chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla a fheidhmiú faoi dhlí na dtríú tír ábhartha;
|
|
(d)
|
luathrabhadh do pháirtithe sa socrú comhair, nó dul i gcomhairle leo, sula ndéanfar aon bheart suntasach faoin Rialachán seo nó faoi dhlí ábhartha tríú tír a dhéanann difear don CPL nó don ghrúpa lena mbaineann an socrú;
|
|
(e)
|
comhordú na cumarsáide poiblí i gcás gníomhaíochtaí comhpháirteacha réitigh:
|
|
(f)
|
nósanna imeachta agus socruithe maidir le malartú faisnéise agus comhar faoi phointí (a) go (e) den mhír seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí ghrúpaí bainistithe géarchéime a chur ar bun agus a fheidhmiú.
|
Chun a áirithiú go gcuirfear mír 3 i bhfeidhm ar bhealach coiteann aonfhoirmeach comhsheasmhach, eiseoidh ESMA treoirlínte ar chineálacha agus ábhar na bhforálacha dá dtagraítear sa mhír seo faoin 12 Lúnasa 2022.
|
|
Airteagal 79 5
|
5. Tabharfaidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla fógra do ESMA maidir le haon chomhaontuithe comhair atá curtha i gcrích i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|