1. Foilseoidh údaráis réitigh nó údaráis inniúla ar a suíomh gréasáin oifigiúil aon phionóis riaracháin nó aon bhearta riaracháin arna bhforchur acu i leith sáruithe ar an Rialachán seo i gcás nach raibh na pionóis nó na bearta sin faoi réir achomhairc nó ina bhfuil an ceart achomhairc tar éis teacht chun deiridh. Déanfar an foilsiú sin gan moill mhíchuí tar éis an duine nádúrtha nó dlítheanach a chur ar an eolas faoin bpionós nó faoin mbeart sin, agus áireofar leis faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhfuil an pionós nó an beart á fhorchur.
I gcás ina gceadóidh Ballstáit foilsiú pionós riaracháin nó bearta eile riaracháin a bhfuil achomharc ina gcoinne, foilseoidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla ar a suímh ghréasáin oifigiúla, gan moill mhíchuí, faisnéis maidir le stádas an achomhairc sin agus lena thoradh.