+Airteagal 7 (a)

Airteagal 7 (a)

athbhreithniú ar an straitéis ghnó dá dtagraítear in Airteagal 104b den Rialachán sin mar a dhoiciméadaítear i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide faoi Airteagal 325bi(1), pointe (e), den Rialachán, agus a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

tugann beartais inmheánacha tuairisc shoiléir ar réasúnaíocht eacnamaíoch na straitéise gnó, lena n-áirítear a príomhghníomhaíochtaí, trádáil agus straitéisí fálúcháin;

(ii)

tugann beartais inmheánacha tuairisc ar na gnéithe de na hionstraimí airgeadais agus na tráchtearraí a thrádálann an deasc thrádála, agus tá liosta cuimsitheach de na hionstraimí airgeadais agus na tráchtearraí sin iontu a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta;

(iii)

cuireann an institiúid i dtábhacht ina beartais inmheánacha cé na hionstraimí is minice a thrádáiltear agus is mó a rannchuidíonn leis an leibhéal riosca is inghlactha don deasc thrádála;

(iv)

tugann beartais inmheánacha tuairisc ar na cineálacha fachtóirí riosca ar cuid dhílis iad de na hionstraimí airgeadais agus na tráchtearraí dá dtagraítear i bpointe (ii);

(v)

tugann beartais inmheánacha tuairisc shoiléir ar conas a fhálaítear na hionstraimí agus na tráchtearraí dá dtagraítear i bpointe (ii), cad iad na sciorrthaí agus na neamhréireanna fáluithe a bhfuil coinne leo, agus cad í an tréimhse shealbhaíochta a bhfuil coinne léi i gcás na suíomhanna sa deasc thrádála;

(vi)

tá straitéisí gnó na ndeasc trádála sainiúil, mar a cheanglaítear le hAirteagal 104b(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

príomh-shaintréithe na ndeasc trádála i dtéarmaí straitéise gnó, lena n-áirítear príomhghníomhaíochtaí, trádáil agus straitéisí fálúcháin, a shainaithint;

(2)

a fhíorú go bhfuil difríocht thábhachtach ó dheasc thrádála go chéile idir na príomh-shaintréithe dá dtagraítear i bpointe (1);

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.