+Airteagal 8 3

Airteagal 8 3

3.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), cuirfidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

tuairim dhoiciméadaithe an aonaid rialaithe riosca i gcás ina ndéanfaidh an comhlacht bainistíochta nó an coiste ábhartha den struchtúr coistí inmheánacha plé ar aon cheann de na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b);

(b)

miontuairiscí chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó miontuairiscí an choiste ábhartha den struchtúr coistí inmheánacha, agus na pointí gníomhaíochta a léirítear iontu;

(c)

tuarascálacha an aonaid rialaithe riosca maidir le teorainneacha suímh inmheánacha, agus aon chinneadh maidir le sáruithe ar theorainneacha;

(d)

faisnéis arna soláthar ag foireann agus ardbhainistíocht na hinstitiúide, i gcás inarb iomchuí.

Chun críocha phointe (b), déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar a mhéid a bhíonn baint ag an aonad rialaithe riosca leis an bplé a dhéanann comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an coiste ábhartha den struchtúr coistí inmheánacha ar aon cheann de na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Sainaithneoidh na húdaráis inniúla cásanna ina bhfuil tuairim an aonaid rialaithe riosca éagsúil leis an gcinneadh críochnaitheach a dhéanann an comhlacht bainistíochta nó an coiste ábhartha den struchtúr coistí inmheánacha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.