+Airteagal 10 1
|
Airteagal 10 1
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an athbhreithniú neamhspleách ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 325bi(1), pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tá an t-athbhreithneoir neamhspleách;
|
|
(b)
|
tá na hacmhainní a shanntar don athbhreithniú iomchuí;
|
|
(c)
|
tá an próiseas atá bunaithe laistigh den institiúid leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí an athbhreithneora;
|
|
(d)
|
déanann an t-athbhreithneoir athbhreithniú ar na samhlacha inmheánacha tomhais riosca ar bhonn bliantúil ar a laghad, agus áiríonn sé conclúidí an athbhreithnithe sin i dtuarascáil a chuirtear faoi bhráid na hardbhainistíochta agus an chomhlachta bainistíochta;
|
|
(e)
|
leis an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (d), soláthraítear faisnéis leordhóthanach d’ardbhainistíocht agus do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide maidir leis na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 325bi(2) agus Airteagal 325bp(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus sainaithnítear na réimsí sa phlean oibre bliantúil inar gá anailís níos mionsonraithe a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-eilimintí sin;
|
|
(f)
|
tá an t-athbhreithniú leordhóthanach, comhréireach le méid agus castacht na bpunann lena mbaineann, agus éifeachtach chun easnaimh a shainaithint.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|