+Airteagal 10 Athbhreithniú neamhspleách ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
|
Airteagal 10 Athbhreithniú neamhspleách ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an athbhreithniú neamhspleách ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 325bi(1), pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tá an t-athbhreithneoir neamhspleách;
|
|
(b)
|
tá na hacmhainní a shanntar don athbhreithniú iomchuí;
|
|
(c)
|
tá an próiseas atá bunaithe laistigh den institiúid leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí an athbhreithneora;
|
|
(d)
|
déanann an t-athbhreithneoir athbhreithniú ar na samhlacha inmheánacha tomhais riosca ar bhonn bliantúil ar a laghad, agus áiríonn sé conclúidí an athbhreithnithe sin i dtuarascáil a chuirtear faoi bhráid na hardbhainistíochta agus an chomhlachta bainistíochta;
|
|
(e)
|
leis an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (d), soláthraítear faisnéis leordhóthanach d’ardbhainistíocht agus do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide maidir leis na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 325bi(2) agus Airteagal 325bp(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus sainaithnítear na réimsí sa phlean oibre bliantúil inar gá anailís níos mionsonraithe a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-eilimintí sin;
|
|
(f)
|
tá an t-athbhreithniú leordhóthanach, comhréireach le méid agus castacht na bpunann lena mbaineann, agus éifeachtach chun easnaimh a shainaithint.
|
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Chun críocha mhír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tá an t-athbhreithniú comhréireach le cineál, méid agus castacht ghnó agus struchtúr eagraíochtúil na hinstitiúide, agus go háirithe le castacht na samhlacha inmheánacha agus lena gcur chun feidhme;
|
|
(b)
|
tá acmhainní leordhóthanacha ag an athbhreithneoir chun na gníomhaíochtaí ábhartha uile a dhéanamh, agus tá foireann cháilithe aige a bhfuil taithí leordhóthanach aici;
|
|
(c)
|
níl baint, ná ní raibh baint, ag an athbhreithneoir le haon ghné de dhearadh ná cur chun feidhme na samhla inmheánaí atá faoi réir athbhreithniú;
|
|
(d)
|
tá an t-athbhreithneoir neamhspleách ar an bhfoireann agus ar an bhfeidhm bhainistíochta atá freagrach as na haonaid ghnó agus rialaithe riosca;
|
|
(e)
|
níl luach saothair athraitheach na foirne agus na bainistíochta atá freagrach as an athbhreithniú nasctha le feidhmíocht na gcúraimí a bhaineann le réimsí gnó trádála na hinstitiúide ar bhealach a chuireann bac nó a chuireann isteach ar a neamhspleáchas.
|
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla scrúdú ar na tuarascálacha is déanaí agus ar thuarascálacha ábhartha eile a thugann an t-athbhreithneoir ar aird agus fíoróidh siad go bhfuil leigheas na saincheisteanna a shainaithnítear sna tuarascálacha sin ábhartha, ag baint le hábhar, agus inchreidte.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|