1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 325bh(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le samhaltú riosca cothromais, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a cheangal ar an institiúid liosta de na hainmneacha cothromais agus na hinnéacsanna cothromais uile a bhfuil punann na hinstitiúide íogair ina leith, agus na fachtóirí riosca a úsáidtear chun an riosca bainteach a shamhaltú, a sholáthar;
|
|
(b)
|
a cheangal ar an institiúid anailís ar íogaireacht a punainne i leith gach ceann de na hainmneacha cothromais agus na hinnéacsanna cothromais dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar;
|
|
(c)
|
a fhíorú, i gcás ina ndéantar an riosca in ainm cothromais a shamhaltú mar shuim fachtóra riosca chórasaigh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 agus fachtóra riosca neamhghnách, go dtugann an luaineacht a ghintear trí thurraing a bhaint as na fachtóirí sin léiriú ar an luaineacht a bhreathnaítear i gcás an ainm cothromais sin;
|
|
(d)
|
a fhíorú go ndéantar an riosca boinn idir dhá ainm cothromais éagsúla a ghabháil tríd an dá ainm cothromais a shamhaltú go díreach nó trí bhíthin fachtóir riosca boinn;
|
|
(e)
|
measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an riosca a bhaineann le hathruithe ar chuair chothromais a ghabháil go cuí i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo;
|
|
(f)
|
measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar riosca vega a bhaineann le riosca cothromais a ghabháil go cuí mar a cheanglaítear le hAirteagal 30 den Rialachán seo.
|
Chun críocha phointe (c), féadfaidh an t-údarás inniúil, i gcás inarb iomchuí, luaineacht na dturraingí a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an ainm cothromais eisitheora, mar a leanann as an bhfachtóir riosca córasach agus an fachtóir riosca neamhghnách, a chur i gcomparáid leis an luaineacht a bhreathnaítear i gcás an ainm cothromais sin.