+Airteagal 25 Measúnú ar fhachtóirí riosca cothromais
---+Airteagal 25 1
---+Airteagal 25 2

Airteagal 25 Measúnú ar fhachtóirí riosca cothromais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 325bh(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le samhaltú riosca cothromais, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

a cheangal ar an institiúid liosta de na hainmneacha cothromais agus na hinnéacsanna cothromais uile a bhfuil punann na hinstitiúide íogair ina leith, agus na fachtóirí riosca a úsáidtear chun an riosca bainteach a shamhaltú, a sholáthar;

(b)

a cheangal ar an institiúid anailís ar íogaireacht a punainne i leith gach ceann de na hainmneacha cothromais agus na hinnéacsanna cothromais dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar;

(c)

a fhíorú, i gcás ina ndéantar an riosca in ainm cothromais a shamhaltú mar shuim fachtóra riosca chórasaigh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 agus fachtóra riosca neamhghnách, go dtugann an luaineacht a ghintear trí thurraing a bhaint as na fachtóirí sin léiriú ar an luaineacht a bhreathnaítear i gcás an ainm cothromais sin;

(d)

a fhíorú go ndéantar an riosca boinn idir dhá ainm cothromais éagsúla a ghabháil tríd an dá ainm cothromais a shamhaltú go díreach nó trí bhíthin fachtóir riosca boinn;

(e)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an riosca a bhaineann le hathruithe ar chuair chothromais a ghabháil go cuí i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo;

(f)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar riosca vega a bhaineann le riosca cothromais a ghabháil go cuí mar a cheanglaítear le hAirteagal 30 den Rialachán seo.

Chun críocha phointe (c), féadfaidh an t-údarás inniúil, i gcás inarb iomchuí, luaineacht na dturraingí a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an ainm cothromais eisitheora, mar a leanann as an bhfachtóir riosca córasach agus an fachtóir riosca neamhghnách, a chur i gcomparáid leis an luaineacht a bhreathnaítear i gcás an ainm cothromais sin.

Airteagal 25 2

2.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar institiúid an fhaisnéis dá dtagraítear sa phointe sin a sholáthar maidir leis na hainmneacha cothromais agus na hinnéacsanna cothromais is ábhartha agus maidir leosan amháin, agus féadfaidh sé an measúnú a leagtar amach sa mhír sin a dhéanamh ar na sonraí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.