+Airteagal 26 1

Airteagal 26 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325bh(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le samhaltú riosca raoin difríochta creidmheasa, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

a cheangal ar an institiúid liosta de chuair raonta difríochta creidmheasa agus innéacsanna creidmheasa gach eisitheora a bhfuil punann na hinstitiúide íogair ina leith, agus na fachtóirí riosca a úsáidtear chun an riosca bainteach a shamhaltú, a sholáthar;

(b)

a cheangal ar an institiúid anailís ar íogaireacht a punainne i leith chuair raonta difríochta creidmheasa agus innéacsanna creidmheasa gach eisitheora dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar;

(c)

a fhíorú, i gcás ina ndéantar an riosca i raon difríochta creidmheasa eisitheora a shamhaltú mar shuim fachtóra riosca chórasaigh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 agus fachtóra riosca neamhghnách, cé acu a thugann nó nach dtugann an luaineacht a ghintear trí thurraing a bhaint as na fachtóirí sin léiriú ar an luaineacht a bhreathnaítear i gcás an raoin difríochta creidmheasa eisitheora sin;

(d)

a fhíorú cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an riosca boinn idir eisitheoirí a ghabháil trí raonta difríochta creidmheasa na n-eisitheoirí a shamhaltú go díreach nó trí bhíthin fachtóir riosca boinn, agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar faireachán ar an mbonn idir dhá shuíomh éagsúla a thagraíonn don eisitheoir céanna agus, i gcás inarb ábhartha, an bonn sin a áireamh sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(e)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an riosca a bhaineann le hathruithe ar chuair raonta difríochta creidmheasa a ghabháil go cuí mar a cheanglaítear le hAirteagal 29 den Rialachán seo;

(f)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar riosca vega i ndáil le raon difríochta creidmheasa a ghabháil go cuí mar a cheanglaítear le hAirteagal 30 den Rialachán seo.

Chun críocha phointe (c), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, luaineacht na dturraingí a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an raon difríochta creidmheasa eisitheora, mar a leanann as an bhfachtóir riosca córasach agus an fachtóir riosca neamhghnách, a chur i gcomparáid leis an luaineacht a bhreathnaítear i gcás an raoin difríochta creidmheasa eisitheora sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.