+Airteagal 28 Measúnú ar fhachtóirí riosca tráchtearraí
---+Airteagal 28 1
---+Airteagal 28 2

Airteagal 28 Measúnú ar fhachtóirí riosca tráchtearraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325bh(1), pointe (f), de Rialachán Uimh. 575/2013 i ndáil le samhaltú riosca tráchtearraí, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

a cheangal ar an institiúid:

(i)

liosta de na cineálacha tráchtearraí uile a bhfuil punann na hinstitiúide íogair ina leith a sholáthar;

(ii)

i gcás gach cineál tráchtearraí dá dtagraítear i bpointe (i), a shoiléiriú an bhfuil an cineál tráchtearraí sin faoi réir spotphraghas an tráchtearra amháin, nó faoi réir fachtóirí riosca eile, lena n-áirítear luaineachtaí intuigthe;

(iii)

anailís ar íogaireacht a punainne i leith gach ceann de na cineálacha tráchtearraí dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar;

(b)

a fhíorú cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear le beartais inmheánacha na hinstitiúide méadrachtaí atá iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht margaidh tráchtearraí dá dtagraítear in Airteagal 325bh(1), pointe (f), de Rialachán Uimh. 575/2013 agus, i gcás margaí tráchtearraí a shainaithnítear a bheith ábhartha, cé acu a dhéantar nó nach ndéantar gach tráchtearra ar leith a shamhaltú go sonrach i samhail tomhais riosca inmheánach na hinstitiúide;

(c)

a fhíorú cé acu a ghabhtar nó nach ngabhtar an riosca boinn idir tráchtearraí atá comhchosúil ach nach bhfuil comhionann a bhfuil neamhchosaint ábhartha ag an institiúid orthu, lena n-áirítear an riosca boinn a eascraíonn as áit eile seachadta agus as neamhréireanna aibíochta;

(d)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an riosca a bhaineann le hathruithe ar chuair tráchtearraí a ghabháil go cuí mar a cheanglaítear le hAirteagal 29 den Rialachán seo;

(e)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar riosca vega i ndáil le riosca tráchtearraí a ghabháil go cuí mar a cheanglaítear le hAirteagal 30 den Rialachán seo.

Chun críocha phointe (c), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid dhá thráchtearra éagsúla a shamhaltú go díreach nó an bonn a ghabháil trí bhíthin fachtóir riosca boinn.

Airteagal 28 2

2.   De mhaolú ar mhír 1, pointí (a)(i) agus (ii), féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid an fhaisnéis dá dtagraítear sna pointí sin a sholáthar maidir leis na tráchtearraí is ábhartha maidir leosan amháin, agus féadfaidh siad an measúnú a leagtar amach i mír 1 sin a dhéanamh ar na sonraí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.