+Airteagal 32 5

Airteagal 32 5

5.   Chun críocha mhír 2, pointe (b)(i), mhír 3, pointe (b)(i) agus mhír 4, pointe (b)(i), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

a cheangal ar an institiúid sampla d’fhachtóirí riosca agus buicéid a sholáthar, in éineacht leis na praghsanna infhíoraithe agus ionadaíocha a chomhfhreagraíonn dóibh, lena n-áirítear:

(i)

fachtóirí riosca agus buicéid a chomhlíon, ar éigean, na coinníollacha maidir lena measúnú a bheith insamhaltaithe;

(ii)

fachtóirí riosca agus buicéid ar athraíodh a stádas insamhaltaitheachta i gcaitheamh na bliana roimhe sin;

(iii)

i gcás inarb infheidhme, fachtóirí riosca agus buicéid nach bhfaigheann ach an institiúid praghsanna infhíoraithe ina leith, nach bhfaigheann ach díoltóirí tríú páirtí praghsanna infhíoraithe ina leith, agus a bhfaigheann an institiúid agus díoltóirí tríú páirtí araon praghsanna infhíoraithe ina leith;

(b)

a cheangal ar an institiúid údar a thabhairt, i gcás na bpraghsanna dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, le cé acu de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2060 a chomhlíontar, agus an méid seo a leanas a fhíorú:

(i)

i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, conas a rinne an institiúid measúnú go ndearnadh an t-idirbheart ar neamhthuilleamaí;

(ii)

i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, conas a rinne an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí measúnú go ndearnadh an t-idirbheart ar neamhthuilleamaí;

(iii)

i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, conas a rinne an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí luachaintí tairisceana agus ofrála araon a shainaithint;

(c)

i gcás na bpraghsanna infhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a), fíoróidh na húdaráis inniúla:

(i)

an amhlaidh nach idirbheart ná luachan tairisceana agus ofrála idir dhá eintiteas de chuid an ghrúpa chéanna é an praghas dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, agus an fónta an cur chuige a d’úsáid an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí chun teacht ar an gconclúid nach leis an ngrúpa céanna an dá eintiteas;

(ii)

conas a tháinig an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí ar an gconclúid go bhfuil méid an idirbhirt nó an luachan a bhfuil gealltanas tugtha ina taobh atá bainteach leis an bpraghas infhíoraithe neamhdhiomaibhseach dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, agus cé acu is fónta nó nach fónta na méadrachtaí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an diomaibhseacht;

(iii)

i gcás ina mbainfidh an praghas infhíoraithe le luachaintí a bhfuil gealltanas tugtha ina dtaobh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060:

(1)

conas a tháinig an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí ar an gconclúid nach n-imíonn an raon difríochta idir tairiscint agus ofráil go mór ó na dálaí reatha margaidh is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (c), den Rialachán sin;

(2)

cé acu is fónta nó nach fónta na méadrachtaí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an diall féideartha sin;

(iv)

i measc na bpraghsanna sin, cé acu a bhféadfaí nó nach bhféadfaí a bhreithniú go gcomhlíonann roinnt díobh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b) nó Airteagal 2(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 toisc go bhfuil a méid níos ísle ná mar is gnách nó a raon difríochta idir tairiscint agus ofráil níos mó ná mar is gnách;

(v)

cé acu ar shainaithin nó nár shainaithin an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí crios ama a úsáidtear go comhsheasmhach ar fud na bhfoinsí sonraí uile chun dáta breathnóireachta an phraghais infhíoraithe a shainaithint mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060.

Chun críocha an phointe seo, ceanglóidh na húdaráis inniúla ar institiúidí nó ar dhíoltóirí tríú páirtí de réir mar is infheidhme an fhaisnéis uile a bhfuil gá léi chun an measúnú sin a dhéanamh go cuimsitheach a sholáthar dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 2(5), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.