+Airteagal 33 1
|
Airteagal 33 1
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le tréimhse leachtachta ionchasach na bhfachtóirí riosca, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear leis na beartais inmheánacha dá dtagraítear sa phointe sin go gcuirfear fardal cothrom le dáta ar aird lena sonrófar, i gcás gach fachtóra riosca, an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tuairisc ar an bhfachtóir riosca;
|
|
(b)
|
cé acu atá nó nach bhfuil an fachtóir riosca insamhaltaithe de réir an mheasúnaithe insamhaltaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 325be de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, i gcás ina mbeidh an fachtóir riosca insamhaltaithe, cé acu a áirítear nó nach n-áirítear an fachtóir riosca sin san fhothacar fachtóirí riosca insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (a), den Rialachán sin;
|
|
(c)
|
tuairisc shimplí ar na hionchuir sonraí a úsáidtear chun an fachtóir riosca a mharcáil;
|
|
(d)
|
an tréimhse leachtachta a shanntar don fhachtóir riosca mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bd(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(e)
|
an amhlaidh nach gcomhfhreagraíonn cineál an fhachtóra riosca d’aon chatagóir fachtóra riosca leathan mar a cheanglaítear le hAirteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058;
|
|
(f)
|
cé acu atá nó nach bhfuil an riosca a ghabhtar leis an bhfachtóir riosca agus na hionchuir sonraí a úsáidtear le haghaidh an fhachtóra riosca sin comhfhreagrach do na fachtóirí riosca a d’fhéadfadh teacht faoi níos mó ná catagóir fachtóra riosca leathan amháin nó fochatagóirí fachtóra riosca leathan amháin mar a cheanglaítear le hAirteagal 1(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058;
|
|
(g)
|
i gcás ina n-úsáidtear é chun innéacs aonchineálach a shamhaltú, cé acu ar úsáideadh nó nár úsáideadh an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058 nó an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán sin chun fachtóir riosca a mhapáil chuig an gcatagóir fachtóra riosca leathan iomchuí agus chuig an bhfochatagóir fachtóra riosca leathan iomchuí de Thábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) 575/2013.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|