+Airteagal 35 2

Airteagal 35 2

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (g), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

é a cheangal ar an institiúid forléargas a sholáthar ar an amshraith a úsáidtear in

Formula

,

Formula

,

Formula

,

Formula

,

Formula

agus

Formula

, dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i ríomh na mbeart riosca maidir le cás struis, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ón gCoimisiún, agus an méid seo a leanas a áireamh san fhorléargas sin i gcás gach amshraithe a úsáidtear:

(i)

an líon iomlán laethanta sa tréimhse bhreathnóireachta stairiúla a úsáidtear chun an

Formula

,

Formula

,

Formula

,

Formula

,

Formula

agus

Formula

a ríomh, dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na bearta riosca maidir le cás struis, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ón gCoimisiún;

(ii)

an líon laethanta a bhfuil sonraí in easnamh ina leith san amshraith sula dtugann an institiúid aon choigeartú isteach;

(iii)

an líon laethanta gan aon athrú laethúil san amshraith sula dtugann an institiúid aon choigeartú isteach;

(iv)

an t-uaslíon laethanta as a chéile gan aon athrú laethúil san amshraith sula dtugann an institiúid aon choigeartú isteach;

(v)

an líon laethanta a raibh sonraí ar fáil ina leith ar dtús san amshraith ach a d’eisiaigh nó a d’athraigh an institiúid sular úsáideadh iad i ríomh an

Formula

,

Formula

,

Formula

,

Formula

,

Formula

agus

Formula

, dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i ríomh na mbeart riosca maidir le cás struis, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ón gCoimisiún;

(b)

ar bhonn an fhorléargais dá dtagraítear i bpointe (a), na hamshraitheanna sin a shainaithint ar amshraitheanna iad a úsáidtear le haghaidh fachtóirí riosca a bhféadfaidh cáilíocht íseal na sonraí difear a dhéanamh dóibh;

(c)

ar bhonn an fhorléargais dá dtagraítear i bpointe (a), sampla d’amshraitheanna a roghnú arb iad is saintréithe dóibh go mbíonn ardlíon pointí sonraí in easnamh ar dtús, agus na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:

(i)

é a cheangal ar an institiúid gan ach an amshraith ina bhfuil na pointí sonraí tosaigh a sholáthar, agus ansin an amshraith i ndiaidh dóibh í a líonadh isteach;

(ii)

a fhíorú gur líonadh isteach na hamshraitheanna i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a bheartaítear sna beartais inmheánacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), agus gurb iomchuí na modheolaíochtaí sin don chás atá i gceist;

(d)

ar bhonn an fhorléargais dá dtagraítear i bpointe (b), sampla d’amshraitheanna a roghnú arb iad is saintréithe dóibh go mbíonn ardlíon pointí sonraí iontu a bhí ar fáil ar dtús ach ar cuireadh pointí sonraí eile ina n-ionad ina dhiaidh sin, agus na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:

(i)

é a cheangal ar an institiúid gan ach an amshraith ina bhfuil na pointí sonraí tosaigh a sholáthar, agus ansin an amshraith i ndiaidh dóibh pointí sonraí san amshraith a ionadú;

(ii)

a fhíorú gur ionadaíodh na pointí sonraí i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a bheartaítear sna beartais inmheánacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), agus gurb iomchuí na modheolaíochtaí sin don chás atá i gceist.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh na húdaráis inniúla na táscairí seo a leanas a úsáid, i gcás inarb iomchuí, mar bhonn leis an sainaithint dá dtagraítear sa phointe sin:

(a)

amshraitheanna ina bhfuil níos lú ná 10 % de na pointí sonraí a bhí ar fáil ar dtús;

(b)

amshraitheanna ina bhfuil 20 lá gnó as a chéile gan aon athrú laethúil;

(c)

amshraitheanna ina bhfuil níos mó ná 20 % de laethanta gan aon athrú;

(d)

amshraitheanna ar athraíodh níos mó ná 50 % de na sonraí a bhí ar fáil ar dtús ina leith.

Ceanglóidh na húdaráis inniúla ar an institiúid údar a thabhairt le húsáid na n-amshraitheanna sin agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gcúis a n-áirítear an fachtóir riosca comhfhreagrach sa tacar laghdaithe fachtóirí riosca dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 325bc(3), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.