1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine nó nach gcuirtear, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an ríomh ar na bearta easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe agus ar na bearta easnaimh ionchasaigh páirteacha i gcás na gcatagóirí fachtóirí riosca leathana uile ar mhinicíocht laghdaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bb(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
(a)
anailís ar an bpróiseas arna úsáid ag an institiúid chun an lá den tseachtain ar a ríomhtar na bearta a chinneadh;
(b)
a fhíorú nach mbeidh gannmheastachán ar riosca mar thoradh ar laghdú ar an minicíocht ríomha.
2. Chun críocha mhír 1, pointe (b), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
(a)
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an anailís arna déanamh ag an institiúid leormhaith chun a léiriú nach ann d’aon ghannmheastachán ar riosca;
(b)
a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh, maidir le treocht na bhfigiúirí laethúla le haghaidh UESt,
,
agus
arna ríomh ar shuíomhanna uile na punainne de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bb(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nach léiríonn sí próifíl riosca níos ísle ar bhonn córasach ar an lá arna roghnú ag an institiúid.
3. Chun críocha mhír 2, pointe (b), i gcás inar léir go bhfuil rian de phróifíl riosca níos ísle ann ar bhonn córasach, féadfaidh na húdaráis inniúla a measúnú a chomhlánú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
é a cheangal ar an institiúid na bearta easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe
agus na bearta easnaimh ionchasaigh páirteacha
,
agus
a ríomh go laethúil agus ar feadh tréimhse ar leith i gcás gach catagóire fachtóra riosca leithne;
(b)
anailís a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na bearta sin níos ísle ar bhonn córasach ar an lá arna roghnú ag an institiúid.