10. Chun críocha mhír 2, pointe (e), na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca agus buicéid chaighdeánaithe, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an chomhéifeacht neamhlíneachta cothrom le κmin nó κmax toisc go bhfuil luachanna fíorarda nó fíorísle ina saintréithe ag uimhreoir nó ainmneoir an téarma seo a leanas
mar a úsáidtear chun κ a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;
(b)
é a cheangal ar an institiúid an caillteanas a eascraíonn as athruithe ar fhachtóirí riosca thart ar an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a bhreacadh agus measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil próifíl fheidhm an chaillteanais cuasach nó dronnach go háirithe sa cheantar sin.
Le linn do na húdaráis inniúla an measúnú sin a dhéanamh, roghnóidh siad an tacar fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe agus buicéad caighdeánaithe agus a n-ábharthacht á cur san áireamh acu.