+Airteagal 4b 5.

Airteagal 4b 5.

An t-údarás inniúil a d’údaraigh an soláthraí seirbhíse PTRR i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE, sular féidir idirbheart PTRR a eascraíonn as cleachtadh PTRR arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse PTRR sin a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan moill mhíchuí:

(a) 

fógra a thabhairt do ESMA faoi ainm an tsoláthraí seirbhíse PTRR; agus

(b) 

a mheasúnú a chomhroinnt le ESMA ar an gcaoi a gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse PTRR na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.

Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheimhniú do ESMA, ar bhonn bliantúil ar a laghad, go leanann an soláthraí seirbhíse PTRR de na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chomhlíonadh nó nach bhfuil seirbhísí PTRR á soláthar a thuilleadh ag an soláthraí seirbhíse PTRR, de réir mar is infheidhme.

Déanfaidh ESMA an fhaisnéis a fhaightear faoin gcéad fhomhír agus faoin dara fomhír den mhír seo a tharchur chuig údaráis gach Ballstáit ag a bhfuil cumhachtaí maoirseachta maidir leis an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt do ESMA i gcás nach gcomhlíonann soláthraí seirbhíse PTRR a thuilleadh na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4. Ar fhógra den sórt sin a fháil, bainfidh ESMA an soláthraí seirbhíse PTRR den liosta dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo. Ón dáta a baineadh an soláthraí seirbhíse PTRR den liosta sin, ní dhéanfar idirbhearta PTRR a eascraíonn as cleachtadh PTRR arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse PTRR sin a dhíolmhú a thuilleadh ón oibleagáid imréitigh i gcomhréir le mír 1.

Foilseoidh ESMA, ar bhonn bliantúil, liosta de na soláthraithe seirbhíse PTRR a dtugtar fógra do ESMA fúthu faoin gcéad fhomhír, pointe (a).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.