|
+Airteagal 10 4. |
Airteagal 10 4.Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
na critéir chun a shuí cé na conarthaí díorthach thar an gcuntar is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó leis an ngníomhaíocht maoinithe cisteáin dá dtagraítear i mír 3;
(b)
luachanna na dtairseach imréitigh i gcomhair suíomhanna neamh-imréitithe, a chinntear agus an mhodheolaíocht ríofa a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 4a(3) á cur san áireamh, ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí in aghaidh an chontrapháirtí agus in aghaidh na haicme díorthach thar an gcuntar; agus
(c)
na sásraí lena spreagtar athbhreithniú ar luachanna na dtairseach imréitigh tar éis luaineachtaí suntasacha praghsanna san aicme fholuiteach de dhíorthaigh thar an gcuntar nó tar éis méadú suntasach ar rioscaí don chobhsaíocht airgeadais. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|