+Airteagal 10 Contrapháirtithe neamhairgeadais
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 2a.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 4a.
---+Airteagal 10 4b.
---+Airteagal 10 5.

Airteagal 10 Contrapháirtithe neamhairgeadais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Gach 12 mhí, féadfaidh contrapháirtí neamhairgeadais a ghlacann suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin a ríomh i gcomhréir le mír 3.

I gcás nach ndéanfaidh contrapháirtí neamhairgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin i leith cheann amháin nó níos mó d'aicmí díorthach thar an gcuntar na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear de bhun phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin an méid seo a leanas:

(a) 

tabharfaidh sé fógra láithreach maidir leis sin do ÚEUM agus don údarás inniúil ábhartha, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;

(b) 

bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a thabhairt;

(c) 

beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra a thabhairt dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a bhaineann leis na haicmí sócmhainne sin ar ina leith a sháróidh toradh an ríomha na tairseacha réitigh nó, i gcás nach bhfuil a shuíomh ríofa ag an gcontrapháirtí neamhairgeadais, a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh.

Airteagal 10 2.
Contrapháirtí neamhairgeadais atá tagtha faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 an 17 Meitheamh 2019 nó a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith faoi réir na hoibleagáide sin agus lena himréiteach go dtí go léireoidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin don údarás inniúil ábhartha nach sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin an tairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) de mhír 4 den Airteagal seo.

Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí neamhairgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.

Airteagal 10 2a.
Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí neamhairgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an ghrúpa go héifeachtach.
Airteagal 10 3.
Nuair a bheidh na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh aige, cuirfidh an contrapháirtí neamhairgeadais san áireamh na conarthaí díorthacha thar an gcuntar uile a rinne an contrapháirtí neamhairgeadais nó aon eintiteas neamhairgeadais eile laistigh den ghrúpa a mbaineann an contrapháirtí neamhairgeadais leis, ar conarthaí iad nach féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear an riosca a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála ná gníomhaíocht mhaoinithe cisteáin an chontrapháirtí neamhairgeadais nó an ghrúpa sin.
Airteagal 10 4.

Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na critéir chun a shuí cé na conarthaí díorthach thar an gcuntar is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó leis an ngníomhaíocht maoinithe cisteáin dá dtagraítear i mír 3;

(b) 

luachanna na dtairseach imréitigh i gcomhair suíomhanna neamh-imréitithe, a chinntear agus an mhodheolaíocht ríofa a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 4a(3) á cur san áireamh, ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí in aghaidh an chontrapháirtí agus in aghaidh na haicme díorthach thar an gcuntar; agus

(c) 

na sásraí lena spreagtar athbhreithniú ar luachanna na dtairseach imréitigh tar éis luaineachtaí suntasacha praghsanna san aicme fholuiteach de dhíorthaigh thar an gcuntar nó tar éis méadú suntasach ar rioscaí don chobhsaíocht airgeadais.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 10 4a.
Déanfaidh ESMA, i gcomhairle le BERS, athbhreithniú ar na tairseacha imréitigh dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo agus in Airteagal 4a(4), agus aird á tabhairt, go háirithe, ar idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais agus ar an ngá atá ann cumhdach stuama na gcontrapháirtithe airgeadais a áirithiú faoin oibleagáid imréitigh. Déanfar an t-athbhreithniú sin gach 2 bhliain ar a laghad, nó níos luaithe i gcás inar gá nó i gcás ina gceanglaítear sin faoi na sásraí a bhunaítear faoi mhír 4, an chéad fhomhír, pointe (c). Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, féadfaidh ESMA, sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 4, athruithe a mholadh ar na tairseacha a shonraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír sin. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag ESMA ar na tairseacha imréitigh, déanfaidh sé a mheas an iad na haicmí díorthach thar an gcuntar, ar socraíodh tairseach imréitigh ina leith, na haicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar fós nó ar cheart aicmí nua a thabhairt isteach.

Beidh tuarascáil ó ESMA ar an ábhar ag gabháil leis an athbhreithniú tréimhsiúil sin.

Airteagal 10 4b.
Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí neamhairgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair chun a áirithiú go ndéanfar na suíomhanna a ríomh go héifeachtach agus chun meastóireacht agus measúnú a dhéanamh ar leibhéal na neamhchosanta i gconarthaí díorthach thar an gcuntar ar leibhéal an ghrúpa.
Airteagal 10 5.
Ainmneoidh gach Ballstát údarás a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí na gcontrapháirtithe neamhairgeadais faoin Rialachán seo. Tuairisceoidh an t-údarás sin, i gcomhar leis na húdaráis atá freagrach as eintitis eile an ghrúpa, do ESMA gach 2 bhliain ar a laghad, agus níos minice i gcás ina sainaithnítear staid éigeandála faoi Airteagal 24, maidir le toradh an mheasúnaithe ar leibhéal na neamhchosanta i ndíorthaigh thar an gcuntar de chuid na gcontrapháirtithe neamhairgeadais a bhfuil sé freagrach astu. Tuairisceoidh an t-údarás atá freagrach as máthairghnóthas an Aontais den ghrúpa lena mbaineann an contrapháirtí neamhairgeadais do ESMA, gach 2 bhliain ar a laghad, maidir le toradh an mheasúnaithe ar leibhéal na neamhchosanta i ndíorthaigh thar an gcuntar de chuid an ghrúpa.

Gach 2 bhliain ar a laghad ón 24 Nollaig 2024, tíolacfaidh ESMA tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar ghníomhaíochtaí contrapháirtithe neamhairgeadais de chuid an Aontais i ndíorthaigh thar an gcuntar, ina sainaithnítear réimsí ina bhfuil easpa cóineasaithe agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo chomh maith leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.