+Airteagal 11 3.

Airteagal 11 3.

Beidh nósanna imeachta bainistithe riosca ag contrapháirtithe airgeadais lena gceanglófar malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh beacht agus iomchuí i ndáil le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar ar nó ina dhiaidh an 16 Lúnasa 2012. Beidh nósanna imeachta bainistithe riosca ag na contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 lena gceanglófar malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh beacht agus iomchuí i ndáil le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar tráth a sárófar an táirseach imréitigh nó ina dhiaidh sin.

Contrapháirtí neamhairgeadais a thagann faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, bunóidh sé na socruithe is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh laistigh de 4 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír, pointe (a). Beidh contrapháirtí neamhairgeadais díolmhaithe ó na hoibleagáidí sin i gcás conarthaí a dhéantar le linn na 4 mhí tar éis an fhógra sin.

Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) iarratas ar údarú óna n-údaráis inniúla sula n-úsáidfidh siad samhail le haghaidh ríomh éarlaise tosaigh, nó sula nglacfaidh siad athrú uirthi, maidir leis na nósanna imeachta bainistithe riosca a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo. Agus iarratas ar údarú á dhéanamh acu, déanfaidh na contrapháirtithe sin, tríd an mbunachar sonraí lárnach, an fhaisnéis ábhartha uile faoi na nósanna imeachta bainistithe riosca sin a sholáthar dá n-údaráis inniúla. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin údarú den sórt sin a dheonú nó diúltóidh siad é a dheonú laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an t-iarratas ar shamhail nua a fháil nó laistigh de 3 mhí ón iarratas ar athrú ar shamhail atá údaraithe cheana a fháil.

I gcás ina bhfuil an tsamhail dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo bunaithe ar shamhail pro forma, déanfaidh an contrapháirtí iarratas ar bhailíochtú na samhla sin a chur chuig ÚBE agus déanfaidh sé an fhaisnéis ábhartha uile dá dtagraítear san fhomhír sin a sholáthar do ÚBE tríd an mbunachar sonraí lárnach. Ina theannta sin, déanfaidh an contrapháirtí an fhaisnéis faoin méid barúlach gan íoc dá dtagraítear i mír 12a den Airteagal seo a sholáthar do ÚBE tríd an mbunachar sonraí lárnach.

I gcás ina bhfuil an tsamhail dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo bunaithe ar shamhail pro forma, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla an t-údarú a dheonú ach amháin i gcás ina bhfuil an tsamhail pro forma bailíochtaithe ag ÚBE.

Féadfaidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus ÚEÁPC, treoirlínte nó moltaí a eisiúint d’fhonn próiseas aonfhoirmeach cur i bhfeidhm agus údarúcháin na nósanna imeachta bainistithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a áirithiú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.