+Airteagal 11 12a.

Airteagal 11 12a.

Cuirfidh ÚBE feidhm bailíochtaithe lárnaigh ar bun le haghaidh eilimintí agus gnéithe ginearálta na samhlacha pro forma, agus na n-athruithe orthu, atá á-úsáid nó atá le bheith á n-úsáid ag contrapháirtithe airgeadais agus ag contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 chun na ceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Baileoidh ÚBE aiseolas ó ESMA, ó ÚEÁPC agus ó na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chontrapháirtithe a úsáideann na samhlacha pro forma atá faoi réir a mbailíochtaithe, lena n-áirítear maidir le feidhmíocht na samhlacha pro forma sin, agus comhordóidh sé a dtuairimí agus é mar aidhm aige comhthoil a fhorbairt maidir le heilimintí agus gnéithe ginearálta na samhlacha pro forma. Feidhmeoidh ÚBE mar phríomhphointe teagmhála maidir le pléití le rannpháirtithe sa mhargadh agus forbróirí na samhlacha pro forma sin.

Ina ról mar bhailíochtóir lárnach, déanfaidh ÚBE eilimintí agus gnéithe ginearálta na samhlacha pro forma sin a bhailíochtú, lena n-áirítear a gcalabrú, a ndearadh agus a mhéid a chumhdaítear ionstraimí, aicmí sócmhainní agus fachtóirí riosca leo. Deonóidh ÚBE an bailíochtú sin nó diúltóidh sé é a dheonú laistigh de 6 mhí ón iarratas ar bhailíochtú dá dtagraítear i mír 3, an ceathrú fomhír, a fháil, le haghaidh samhail nua pro forma agus laistigh de 3 mhí ón iarratas ar athrú ar shamhail atá bailíochtaithe cheana a fháil. Chun obair bhailíochtaithe ÚBE a éascú, déanfaidh forbróirí samhlacha pro forma, arna iarraidh sin do ÚBE, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur faoi bhráid ÚBE.

Tabharfaidh ÚBE cúnamh do na húdaráis inniúla ina bpróisis údarúcháin maidir leis na gnéithe ginearálta de chur chun feidhme na samhlacha faoi mhír 3. Chuige sin, ullmhóidh ÚBE tuarascáil bhliantúil ar ghnéithe ábhartha a chuid oibre bailíochtaithe, lena n-áirítear fíorú ar chalabrú na samhlacha faoin dara fomhír den mhír seo agus anailís ar na saincheisteanna arna dtuairisciú. I gcás ina measann sé gur gá sin, eiseoidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus ÚEÁPC, moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus iad dírithe chuig na húdaráis inniúla sin. Chun cuidiú le ÚBE na tuarascálacha agus na moltaí a dhréachtú, cuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil do ÚBE, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis a bailíodh le linn a bpróisis údarúcháin tosaigh agus leanúnaigh ar leibhéal an eintitis i leith na samhlacha faoi mhír 3, nó le linn na n-athruithe a rinneadh orthu.

Is iad na húdaráis inniúla amháin a bheidh freagrach as úsáid na samhlacha faoi mhír 3, nó athruithe orthu, a údarú ar leibhéal an eintitis faoi mhaoirseacht.

Gearrfaidh ÚBE táille bhliantúil, in aghaidh na samhla pro forma, ar chontrapháirtithe airgeadais agus ar chontrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a úsáideann na samhlacha pro forma arna mbailíochtú ag ÚBE faoin dara fomhír den mhír seo. Tuairisceoidh na húdaráis inniúla do ÚBE maidir leis na contrapháirtithe airgeadais agus na contrapháirtithe neamhairgeadais a chuireann samhlacha chun feidhme faoi réir an phróisis bailíochtaithe faoin gcéad fhomhír. Beidh an táille comhréireach le meánmhéid barúlach míosúil gan íoc na ndíorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach le 12 mhí anuas de chuid na gcontrapháirtithe lena mbaineann a úsáideann na samhlacha pro forma arna mbailíochtú ag ÚBE agus sannfar í chun na costais go léir arna dtabhú ag ÚBE as a chúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a chumhdach.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “samhail pro forma” samhail éarlaise tosaigh arna bunú, arna foilsiú, agus arna hathbhreithniú trí thionscnaimh faoi stiúir an mhargaidh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan amach:

(a) 

an modh chun méid na dtáillí a chinneadh; agus

(b) 

na módúlachtaí a bhaineann le híocaíocht na dtáillí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.