+Airteagal 13 Sásra chun rialacha dúblacha nó contrártha a sheachaint a mhéid a bhaineann le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
|
Airteagal 13 Sásra chun rialacha dúblacha nó contrártha a sheachaint a mhéid a bhaineann le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Tabharfaidh na ÚMEnna cúnamh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm idirnáisiúnta na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 11, go háirithe maidir le ceanglais a d’fhéadfadh a bheith dúblach nó contrártha ar rannpháirtithe sa mhargadh, agus molfaidh sé gníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina ndearbhaítear an méid seo a leanas i dtaobh socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe tríú tír:
(a)
tá siad coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11;
(b)
áirithítear leo rúndacht ghairmiúil atá coibhéiseach leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar amach in Airteagal 83; agus
(c)
tá siad á gcur i bhfeidhm go héifeachtach agus á bhforfheidhmiú ar mhodh cothromasach agus neamhshaobhach ionas go ndéantar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú sa tríú tír sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).
|
|
Airteagal 13 3.
|
Le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis amhail dá dtagraítear i mír 2, tabharfar le tuiscint go measfar go mbeidh na hoibleagáidí atá in Airteagal 11 comhlíonta ag contrapháirtithe a dhéanann conradh díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL atá faoi réir an Rialacháin seo i gcás ina bhfuil ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe faoi réir na gceanglas a mheastar a bheith coibhéiseach faoin ngníomh cur chun feidhme sin maidir le coibhéis.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|