+Airteagal 17a 3.

Airteagal 17a 3.

Laistigh de 15 lá oibre ó admháil go bhfuarthas iarratas de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó an t-ionchur ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a mheas, cinneadh i dtaobh an mhéid seo a leanas:

(a) 

an bhfuil an t-iarratas incháilithe chun measúnú a dhéanamh air faoin nós imeachta brostaithe a leagtar amach san Airteagal seo; agus

(b) 

i gcás ina bhfuil t-iarratas incháilithe le go ndéanfaí measúnú air faoin nós imeachta brostaithe a leagtar amach san Airteagal seo, i dtaobh an ndéanfar an méid seo a leanas:

(i) 

an leathnú ar an údarú a dheonú i gcás ina gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo; nó

(ii) 

diúltú don leathnú ar an údarú i gcás nach gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo.

I gcás ina ndéanann CPL iarratas ar údarú a leathnú de bhun Airteagal 15, féadfaidh údarás inniúil an CPL dul i muinín cuid den mheasúnú a rinneadh roimhe sin de bhun an Airteagail seo a mhéid nach n-athrófar an measúnú a rinneadh roimhe sin nó nach ndéanfar difear ar shlí eile don mheasúnú a rinneadh roimhe sin de thoradh an iarratais ar leathnú i gcás na coda sin. Dearbhóidh an CPL d’údarás inniúil an CPL nach bhfuil aon athrú ar fhíorais bhunúsacha na coda sin den mheasúnú.

I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil an leathnú ar údarú incháilithe chun measúnú a dhéanamh air faoin nós imeachta brostaithe, diúltófar d’iarratas an CPL.

I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gan an leathnú ar údarú a dheonú, diúltófar don leathnú ar an údarú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.