|
+Airteagal 17b 3. |
Airteagal 17b 3.Mura sonraítear a mhalairt faoi airteagal ábhartha, tar éis an iarraidh ar thuairim dá dtagraítear i mír 1 agus na dréachtchinntí, na tuarascálacha nó na bearta eile dá dtagraítear i mír 2 araon a fháil:
(a)
maidir le hAirteagal 20, glacfaidh ESMA tuairim lena ndéantar measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha ag an CPL i gcomhréir le hAirteagal 23a(1), pointe (e), Airteagal 23a(2) agus Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc); tarchuirfidh ESMA a thuairim chuig údarás inniúil an CPL agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18; féadfaidh ESMA a áireamh ina thuairim aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnamh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú, i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais; maidir le hAirteagail 21 agus 37, déanfaidh ESMA freisin tuairim a ghlacadh i gcomhréir leis na hAirteagail sin agus i gcomhréir le hAirteagal 23a(2) agus le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus féadfaidh ESMA aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach a áireamh ina thuairim;
(b)
maidir le hAirteagail 7, 8, 29 go 33, 35, 36, 41, agus 54, féadfaidh ESMA tuairim a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a agus Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), maidir leis an dréachtchinneadh sin, tuarascáil nó beart eile i gcás inar gá chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus comhleanúnach airteagail ábhartha a chur chun cinn; agus
(c)
glacfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim de bhun Airteagal 19 ina ndéantar measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha ag an CPL agus tarchuirfidh sé an tuairim sin chuig údarás inniúil an CPL agus chuig ESMA; féadfar coinníollacha nó moltaí a áireamh i dtuairim an choláiste sin a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnaimh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), den mhír seo, i gcás ina léirítear easpa cóineasaithe nó comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo sa dréachtchinneadh, sa tuarascáil nó sa bheart eile a chuirtear faoi bhráid ESMA i gcomhréir leis an bpointe sin, eiseoidh ESMA treoirlínte nó moltaí chun an chomhsheasmhacht nó an comhleanúnachas is gá a chur chun cinn i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina nglacann ESMA tuairim i gcomhréir le pointe (b), tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí uirthi agus cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht a dhéantar ina leith ina dhiaidh sin. Glacfaidh ESMA agus an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 araon a dtuairimí faoin sprioc-am a chuireann údarás inniúil an CPL ar fáil, sprioc-am a bheidh ann 15 lá oibre ar a laghad tar éis na doiciméid ábhartha faoi mhír 2 den Airteagal seo a fháil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|