+Airteagal 23b An Sásra Faireacháin Comhpháirteach
---+Airteagal 23b 1.
---+Airteagal 23b 2.
---+Airteagal 23b 3.
---+Airteagal 23b 4.
---+Airteagal 23b 5.
---+Airteagal 23b 6.
---+Airteagal 23b 7.
---+Airteagal 23b 8.
|
Airteagal 23b An Sásra Faireacháin Comhpháirteach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23b 1.
|
Bunóidh ESMA Sásra Faireacháin Comhpháirteach chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 2 a fheidhmiú. Beidh an Sásra Faireacháin Comhpháirteach comhdhéanta díobh seo a leanas:
(b)
ionadaithe ó ÚBE agus ó ÚEÁPC;
(c)
ionadaithe ó BERS, BCE agus BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra maoirseachta aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013; agus
(d)
ionadaithe ó bhainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí, cé is moite den euro, ina bhfuil na conarthaí díorthach dá dtagraítear in Airteagal 7a(6) ainmnithe.
Sa bhreis ar na heintitis dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, féadfaidh bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí ina bhfuil na conarthaí díorthach dá dtagraítear in Airteagal 7a(6) ainmnithe, cé is moite díobh siúd a liostaítear i bpointe (d) den dara fomhír sin, na húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar an oibleagáid faoi Airteagal 7a, atá teoranta d’údarás inniúil amháin in aghaidh an Bhallstáit, agus an Coimisiún a bheith rannpháirteach freisin sa Sásra Faireacháin Comhpháirteach mar bhreathnóirí. Déanfaidh ESMA bainistiú agus cathaoirleacht ar chruinnithe an tSásra Faireacháin Chomhpháirtigh. Féadfaidh Cathaoirleach an tSásra Faireacháin Chomhpháirtigh, arna iarraidh sin do chomhaltaí eile an tSásra Faireacháin Chomhpháirtigh nó ar thionscnamh an Chathaoirligh féin, a iarraidh ar údaráis eile a bheith rannpháirteach sna cruinnithe nuair is ábhartha do na hábhair atá le plé.
|
|
Airteagal 23b 2.
|
Déanfaidh an Sásra Faireacháin Comhpháirteach an méid seo a leanas:
(a)
faireachán ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 7a agus 7c, ar leibhéal comhiomlán an Aontais, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:
(i)
na neamhchosaintí foriomlána agus an laghdú ar neamhchosaintí ar sheirbhísí imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo agus a shainaithnítear de bhun Airteagal 25(2c);
(ii)
forbairtí a bhaineann le himréiteach in CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14 agus rochtain ar imréiteach ag cliaint ar CPLanna den sórt sin, lena n-áirítear táillí a ghearrann CPLanna den sórt sin as cuntais a bhunú de bhun Airteagal 7a agus aon táille a ghearrann comhaltaí imréitigh ar a gcliaint as cuntais a bhunú agus as imréiteach a dhéanamh de bhun Airteagal 7a;
(iii)
forbairtí suntasacha eile i gcleachtais imréitigh a bhfuil tionchar acu ar an leibhéal imréitigh ag CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14;
(b)
faireachán ar na himpleachtaí trasteorann a bhaineann le gaolmhaireachtaí imréitigh cliant, lena n-áirítear inaistritheacht agus idirthuilleamaíochtaí agus idirghníomhaíochtaí comhaltaí agus cliant le bonneagair eile an mhargaidh airgeadais a imréiteach;
(c)
rannchuidiú leis an bhforbairt ar mheasúnuithe ar fud an Aontais ar athléimneacht CPLanna a dhíríonn ar rioscaí leachtachta, creidmheasa agus oibríochtúla a bhaineann le CPLanna, le comhaltaí imréitigh agus le cliaint;
(d)
rioscaí comhchruinnithe a shainaithint, go háirithe maidir le himréiteach cliant, mar gheall ar chomhtháthú mhargaí airgeadais an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina mbaineann roinnt CPLanna, comhaltaí imréitigh nó cliant úsáid as na soláthraithe seirbhíse céanna;
(e)
faireachán ar éifeachtacht na mbeart arb é is aidhm dóibh tarraingteacht CPLanna an Aontais a fheabhsú, imréiteach ag CPLanna an Aontais a spreagadh agus faireachán ar rioscaí trasteorann a fheabhsú.
Comhoibreoidh na comhlachtaí atá rannpháirteach sa Sásra Faireacháin Comhpháirteach, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 agus na húdaráis inniúla náisiúnta agus comhroinnfidh siad an fhaisnéis is gá chun na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil don Sásra Faireacháin Comhpháirteach, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7a(9), déanfaidh údarás inniúil ábhartha na CPLanna údaraithe, a gcomhaltaí imréitigh agus a gcliaint an fhaisnéis is gá a sholáthar lena gcuirtear ar chumas ESMA agus na gcomhlachtaí eile atá rannpháirteach sa Sásra Comhpháirteach Faireacháin na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh.
|
|
Airteagal 23b 3.
|
I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag údarás inniúil ábhartha, cuirfidh sé de cheangal ar CPLanna údaraithe, ar a gcomhaltaí imréitigh nó ar a gcliaint an fhaisnéis sin a sholáthar. Cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha faisnéis den sórt sin ar aghaidh chuig ESMA gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 23b 4.
|
Faoi réir chomhaontú an údaráis inniúil ábhartha, féadfaidh ESMA an fhaisnéis a iarraidh go díreach ón eintiteas ábhartha freisin. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaightear ón eintiteas sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil ábhartha gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 23b 5.
|
Déanfar iarrataí ar fhaisnéis ar CPLanna a mhalartú tríd an mbunachar sonraí lárnach.
|
|
Airteagal 23b 6.
|
Déanfaidh ESMA, i gcomhar leis na comhlachtaí eile atá rannpháirteach sa Sásra Faireacháin Comhpháirteach, tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le torthaí a ghníomhaíochtaí faoi mhír 2. Féadfar moltaí maidir le gníomhaíochtaí féideartha ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cothrománacha sainaitheanta a áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 23b 7.
|
Gníomhóidh ESMA i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i gcás, ar bhonn na faisnéise a fuarthas mar chuid den Sásra Faireacháin Comhpháirteach agus tar éis an phlé a rinneadh ann:
(a)
ina measann ESMA go mainníonn na húdaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonann na comhaltaí imréitigh agus cliaint na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7a; nó
(b)
ina sainaithníonn ESMA riosca do chobhsaíocht airgeadais an Aontais mar gheall ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.
Sula ngníomhóidh ESMA i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh sé treoirlínte nó moltaí a eisiúint de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 23b 8.
|
I gcás ina measann ESMA, ar bhonn na faisnéise a fuarthas mar chuid den Sásra Faireacháin Comhpháirteach agus tar éis an phlé a rinneadh ann, nach n-áirithítear go héifeachtach le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 7a go laghdaítear neamhchosaint iomarcach chomhaltaí imréitigh an Aontais agus a gcliant ar CPLanna Leibhéal 2, déanfaidh sé athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 7a (8) agus, i gcás inar gá, socróidh sé tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 12 mhí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|