|
+Airteagal 23b 2. |
Airteagal 23b 2.Déanfaidh an Sásra Faireacháin Comhpháirteach an méid seo a leanas:
(a)
faireachán ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 7a agus 7c, ar leibhéal comhiomlán an Aontais, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:
(i)
na neamhchosaintí foriomlána agus an laghdú ar neamhchosaintí ar sheirbhísí imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo agus a shainaithnítear de bhun Airteagal 25(2c);
(ii)
forbairtí a bhaineann le himréiteach in CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14 agus rochtain ar imréiteach ag cliaint ar CPLanna den sórt sin, lena n-áirítear táillí a ghearrann CPLanna den sórt sin as cuntais a bhunú de bhun Airteagal 7a agus aon táille a ghearrann comhaltaí imréitigh ar a gcliaint as cuntais a bhunú agus as imréiteach a dhéanamh de bhun Airteagal 7a;
(iii)
forbairtí suntasacha eile i gcleachtais imréitigh a bhfuil tionchar acu ar an leibhéal imréitigh ag CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14;
(b)
faireachán ar na himpleachtaí trasteorann a bhaineann le gaolmhaireachtaí imréitigh cliant, lena n-áirítear inaistritheacht agus idirthuilleamaíochtaí agus idirghníomhaíochtaí comhaltaí agus cliant le bonneagair eile an mhargaidh airgeadais a imréiteach;
(c)
rannchuidiú leis an bhforbairt ar mheasúnuithe ar fud an Aontais ar athléimneacht CPLanna a dhíríonn ar rioscaí leachtachta, creidmheasa agus oibríochtúla a bhaineann le CPLanna, le comhaltaí imréitigh agus le cliaint;
(d)
rioscaí comhchruinnithe a shainaithint, go háirithe maidir le himréiteach cliant, mar gheall ar chomhtháthú mhargaí airgeadais an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina mbaineann roinnt CPLanna, comhaltaí imréitigh nó cliant úsáid as na soláthraithe seirbhíse céanna;
(e)
faireachán ar éifeachtacht na mbeart arb é is aidhm dóibh tarraingteacht CPLanna an Aontais a fheabhsú, imréiteach ag CPLanna an Aontais a spreagadh agus faireachán ar rioscaí trasteorann a fheabhsú. Comhoibreoidh na comhlachtaí atá rannpháirteach sa Sásra Faireacháin Comhpháirteach, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 agus na húdaráis inniúla náisiúnta agus comhroinnfidh siad an fhaisnéis is gá chun na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil don Sásra Faireacháin Comhpháirteach, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7a(9), déanfaidh údarás inniúil ábhartha na CPLanna údaraithe, a gcomhaltaí imréitigh agus a gcliaint an fhaisnéis is gá a sholáthar lena gcuirtear ar chumas ESMA agus na gcomhlachtaí eile atá rannpháirteach sa Sásra Comhpháirteach Faireacháin na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|