|
+Airteagal 24a 7. |
Airteagal 24a 7.►M18 I ndáil le CPLanna údaraithe nó le CPLanna a bhfuil iarratas ar údarú á dhéanamh acu i gcomhréir le hAirteagal 14, déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, chun críocha Airteagal 23a, cinntí a ullmhú agus na cúraimí sin a chuirtear ar ESMA in Airteagal 23a agus sna pointí seo a leanas a dhéanamh: ◄
(a)
anailís athbhreithnithe piaraí ar ghníomhaíochtaí maoirseachta na n-údarás inniúil uile a sheoladh i ndáil le húdarú agus maoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus sin a dhéanamh uair sa bhliain ar a laghad;
(b)
ar a laghad uair sa bhliain, measúnuithe uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar athléimneacht CPLanna i leith forbairtí dochracha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ag cur san áireamh, i gcás inar féidir, éifeacht chomhiomlán na socruithe téarnaimh agus réitigh CPL ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;
(ba)
gach bliain ar a laghad, tosaíochtaí maoirseachta a phlé agus a shainaithint i gcás CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo chun cur le hullmhú na dtosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha uile-Aontais ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 29a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(bb)
breithniú a dhéanamh, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BCE, agus a chúraimí á ndéanamh aige laistigh de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ar aon rioscaí trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí CPLanna, lena n-áirítear i ngeall ar idirnascthacht, idirnaisc agus rioscaí comhchruinnithe CPLanna de bharr naisc trasteorann den sórt sin;
(bc)
dréacht-tuairimí a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 17b, dréachtbhailíochtuithe a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 49 agus dréachtchinntí a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 49a;
(bd)
ionchur a sholáthar do na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 17a;
(be)
an Bord Maoirseoirí a chur ar an eolas i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil tuairimí ó ESMA ná aon choinníoll ná aon mholadh atá iontu nó nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, lena n-áirítear an réasúnú ón údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(3c) agus le hAirteagal 17b(4);
(c)
malartú agus plé rialta a chur chun cinn i measc na n-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(i)
gníomhaíochtaí agus cinntí ábhartha maoirseachta arna nglacadh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 agus a ndualgais á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir le húdarú agus maoirsiú CPLanna arna mbunú ar a gcríoch;
(ii)
dréachtchinntí arna gcur faoi bhráid ESMA ag údarás inniúil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 23a(2);
(iii)
dréachtchinntí arna gcur ar bhonn deonach faoi bhráid ESMA ag údarás inniúil i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 23a(2);
(iv)
forbairtí ábhartha de chuid an mhargaidh, lena n-áirítear cásanna nó imeachtaí a fhágfaidh a lorg nó ar dócha dóibh a lorg a fhágáil ar fhóntacht stuamachta nó airgeadais nó teacht aniar CPLanna arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 nó ar a gcomhaltaí imréitigh;
(d)
beidh sé ar an eolas faoi gach tuairim agus moladh arna nglacadh ag coláistí i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo agus pléifidh sé iad d’fhonn cur le feidhmiú comhleanúnach agus comhsheasmhach na gcoláistí agus d’fhonn comhsheasmhacht a chothú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo ina measc. Chun críocha phointe (a) go pointe (d) sa chéad fhomhír, tabharfaidh na húdaráis inniúla gach faisnéis agus doiciméadacht ábhartha do ESMA gan moill mhíchuí. Tuairisceoidh ESMA ar bhonn bliantúil don Choimisiún ar na rioscaí trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí CPLanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (bb). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|