|
+Airteagal 25f 3. |
Airteagal 25f 3.Tráth a gceanglaíonn ESMA, trí bhíthin cinnidh, go gcuirfí faisnéis ar fáil faoi mhír 1, léireoidh sé an méid seo a leanas:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
(b)
cuspóir na hiarrata;
(c)
an fhaisnéis atáthar a iarraidh;
(d)
an sprioc-am maidir leis an bhfaisnéis a sholáthar;
(e)
na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a iarradh neamhiomlán;
(f)
an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 25j, i dteannta phointe (a) de Roinn V d’Iarscríbhinn III, le haghaidh mainneachtain an fhaisnéis a éileofar a sholáthar nó má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus
(g)
an ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair bhord achomhairc ESMA agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|