+Airteagal 25f Iarraidh ar fhaisnéis
---+Airteagal 25f 1.
---+Airteagal 25f 2.
---+Airteagal 25f 3.
---+Airteagal 25f 4.
---+Airteagal 25f 5.
|
Airteagal 25f Iarraidh ar fhaisnéis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25f 1.
|
Féadfaidh ESMA, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, a cheangal ar CPLanna aitheanta agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun a chur ar chumas ESMA faireachán a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh na CPLanna sin san Aontas agus a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo. Féadfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a iarrtar trí iarraidh shimplí a bheith ina faisnéis thréimhsiúil nó aonuaire.
|
|
Airteagal 25f 2.
|
Nuair a bheidh iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh aige faoi mhír 1, léireoidh ESMA an méid seo a leanas:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
(c)
an fhaisnéis atáthar a iarraidh;
(d)
an sprioc-am maidir leis an bhfaisnéis a sholáthar;
(e)
cuirfidh sé in iúl don té a n-iarrfar an fhaisnéis air nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil ach, i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f)
an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 25j, i dteannta phointe (a) de Roinn V d’Iarscríbhinn III, má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 25f 3.
|
Tráth a gceanglaíonn ESMA, trí bhíthin cinnidh, go gcuirfí faisnéis ar fáil faoi mhír 1, léireoidh sé an méid seo a leanas:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
(c)
an fhaisnéis atáthar a iarraidh;
(d)
an sprioc-am maidir leis an bhfaisnéis a sholáthar;
(e)
na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a iarradh neamhiomlán;
(f)
an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 25j, i dteannta phointe (a) de Roinn V d’Iarscríbhinn III, le haghaidh mainneachtain an fhaisnéis a éileofar a sholáthar nó má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus
(g)
an ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair bhord achomhairc ESMA agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 25f 4.
|
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar a gceann. Dlíodóirí a údaraítear go cuí chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 25f 5.
|
I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh ESMA, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil ábhartha an tríú tír ina bhfuil siad lonnaithe nó bunaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|