+Airteagal 25j Fíneálacha
---+Airteagal 25j 1.
---+Airteagal 25j 2.
---+Airteagal 25j 3.
---+Airteagal 25j 4.
|
Airteagal 25j Fíneálacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25j 1.
|
I gcás ina ndéanfaidh ESMA amach, i gcomhréir le hAirteagal 25i(5), go ndearna CPL ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Measfar go ndearna CPL sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an CPL nó a bhainistíocht shinsearach d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
|
|
Airteagal 25j 2.
|
Beidh méideanna bunúsacha na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 cothrom le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh de bharr an tsáraithe más féidir iad sin a chinneadh, nó suas le 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán, mar a shainmhínítear i ndlí ábhartha an Aontais, a bhí ag duine dlítheanach sa bhliain ghnó roimhe sin.
|
|
Airteagal 25j 3.
|
Déanfar na méideanna bunúsacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann, mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith, a chur leis an méid bunúsach. Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann, mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith, a dhealú ón méid bunúsach.
|
|
Airteagal 25j 4.
|
D’ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh méid na fíneála níos mó ná 20 % de láimhdeachas bliantúil an CPL lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin ach, i gcás ina bhfuair an CPL tairbhe airgeadais go díreach nó go hindíreach ón sárú, beidh méid na fíneála comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe sin. Maidir le gníomh nó neamhghníomh CPL, i gcás ina bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|