+Airteagal 25q Bearta maoirseachta ag ESMA
---+Airteagal 25q 1.
---+Airteagal 25q 2.
---+Airteagal 25q 3.

Airteagal 25q Bearta maoirseachta ag ESMA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25q 1.

I gcás ina ndéanfaidh ESMA amach, i gcomhréir le hAirteagal 25i(5), go ndearna CPL Leibhéal 2 ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:

(a) 

a cheangal ar an CPL deireadh a chur leis an sárú;

(b) 

fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 25j;

(c) 

fógraí poiblí a eisiúint;

(d) 

aitheantas an CPL a tharraingt siar, nó an t-aitheantas atá aige i dtaca le seirbhís, gníomhaíocht nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith a tharraingt siar, faoi Airteagal 25p.

Airteagal 25q 2.

Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) 

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) 

ar nochtadh leis an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an CPL nó ina chórais bhainistithe nó sna rialuithe inmheánacha;

(c) 

an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(d) 

an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

Airteagal 25q 3.
Déanfaidh ESMA fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí, faoi aon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 don CPL lena mbaineann agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl d’údaráis inniúla an tríú tír ábhartha agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

Nuair a bheidh a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ESMA freisin go bhfuil an ceart ag an CPL lena mbaineann achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin agus go bhfuil bord achomhairc ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.