|
+Airteagal 37 7. |
Airteagal 37 7.Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na gnéithe atá le breithniú a shonrú tuilleadh nuair a dhéanann CPL an méid seo a leanas:
(a)
a chritéir iontrála dá dtagraítear i mír 1 a bhunú;
(b)
measúnú ar chumas contrapháirtithe neamhairgeadais a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh ceanglais éarlaise agus ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana dá dtagraítear i mír 1a a chomhlíonadh. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
na módúlachtaí agus na sainiúlachtaí trína bhféadfadh contrapháirtithe neamhairgeadais rochtain a fháil ar sheirbhísí imréitigh, nó trína ndéanann siad cheana féin é, lena n-áirítear mar chomhaltaí imréitigh díreacha i samhlacha urraithe;
(b)
an gá atá le rochtain dhíreach atá fónta ó thaobh stuamachta de a éascú do chontrapháirtithe neamhairgeadais ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh CPL;
(c)
an gá atá le comhréireacht a áirithiú;
(d)
an gá atá le bainistiú éifeachtach rioscaí a áirithiú. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|