+Airteagal 37 Ceanglais rannpháirtíochta
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 1a.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.
---+Airteagal 37 6.
---+Airteagal 37 7.

Airteagal 37 Ceanglais rannpháirtíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1.
Bunóidh CPL, i gcás inarb iomchuí de réir an chineáil táirge a imréitítear, catagóirí na gcomhaltaí imréitigh atá inghlactha agus na critéir iontrála, le comhairle ón gcoiste riosca de bhun Airteagal 28(3). Beidh critéir den sórt sin neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus oibiachtúil ionas gur féidir rochtain chothrom agus oscailte ar an CPL a áirithiú agus áiritheofar leo go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus acmhainneacht oibríochtúil leordhóthanach ag comhaltaí imréitigh chun na hoibleagáidí a eascraíonn as rannpháirtíocht in CPL a chomhlíonadh. Ní cheadófar critéir lena gcuirtear srian le rochtain a úsáid ach amháin a mhéid is gurb é is cuspóir dóibh an riosca atá ann don CPL a rialú. Gan dochar do shocruithe idir-inoibritheachta faoi Theideal V ná do dhéanamh bheartas infheistíochta an CPL i gcomhréir le hAirteagal 47, áiritheofar leis na critéir nach féidir le CPLanna ná na tithe imréitigh a bheith ina gcomhaltaí imréitigh, go díreach nó go hindíreach, den CPL.
Airteagal 37 1a.
Ní ghlacfaidh CPL le contrapháirtithe neamhairgeadais mar chomhaltaí imréitigh ach amháin más féidir leis na contrapháirtithe neamhairgeadais sin a léiriú cén chaoi a bhfuil sé beartaithe acu na ceanglais éarlaise agus na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chomhlíonadh, lena n-áirítear i ndálaí struis sa mhargadh.

Déanfaidh údarás inniúil CPL a ghlacann le contrapháirtithe neamhairgeadais mar chomhaltaí imréitigh athbhreithniú tráthrialta ar na socruithe arna mbunú ag an CPL chun faireachán a dhéanamh go gcomhlíonfar an coinníoll faoin gcéad fhomhír. Tuairisceoidh údarás inniúil an CPL ar bhonn bliantúil don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 maidir leis na táirgí arna n-imréiteach ag na contrapháirtithe neamhairgeadais sin, maidir lena neamhchosaint fhoriomlán agus maidir le haon rioscaí sainaitheanta.

Ní fhéadfaidh contrapháirtí neamhairgeadais atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh de CPL seirbhísí imréitigh cliant a sholáthar ach do chontrapháirtithe neamhairgeadais a bhaineann leis an ngrúpa céanna leis an gcontrapháirtí neamhairgeadais sin agus ní fhéadfaidh sé cuntais a choimeád ag an CPL ach amháin do shócmhainní agus do shuíomhanna atá á sealbhú dá chuntas féin nó do chuntas na gcontrapháirtithe neamhairgeadais sin.

Féadfaidh ESMA tuairim nó moladh a eisiúint maidir le hoiriúnacht socruithe den sórt sin tar éis athbhreithniú piaraí ad hoc.

Airteagal 37 2.
Áiritheoidh contrapháirtí lárnach go gcomhlíonfar cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn leanúnach agus go mbeidh fáil go tráthúil ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an measúnú sin. Déanfaidh contrapháirtí lárnach, uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithniú cuimsitheach ar chomhlíonadh an Airteagail seo a bheith á dhéanamh ag a chomhaltaí imréitigh.

Cuirfidh an CPL an t-údarás inniúil ar an eolas maidir le haon fhorbairt dhiúltach shuntasach maidir le próifíl riosca aon cheann dá chomhaltaí imréitigh arna cinneadh i gcomhthéacs mheasúnú an CPL dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó aon mheasúnú eile le conclúid chomhchosúil, lena n-áirítear aon mhéadú ar an riosca a thugann aon chomhaltaí imréitigh dá chuid chuig an CPL, a mheasann an CPL go bhféadfadh an riosca sin nós imeachta mainneachtana a ghníomhachtú.

Airteagal 37 3.
Beidh na hacmhainní airgeadais breise agus an cumas oibríochtúil atá de dhíth chun an ghníomhaíocht seo a dhéanamh ag comhaltaí imréitigh a dhéanann idirbhearta a imréiteach thar ceann a gcliant. Le rialacha an chontrapháirtí lárnaigh maidir le comhaltaí a imréiteach, ceadófar dó buneolas a bhailiú chun na comhchruinnithe riosca ábhartha a bhaineann le seirbhísí a sholáthar do chliaint a shainaithint, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a bhainistiú. Cuirfidh comhaltaí imréitigh, arna iarraidh sin dóibh, an contrapháirtí lárnach ar an eolas faoi na critéir agus na socruithe a ghlacann siad ionas go mbeidh fáil ag a gcliaint ar sheirbhísí an chontrapháirtí lárnaigh. Leanfaidh an fhreagracht chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na cliaint a n-oibleagáidí de bheith ag na comhaltaí imréitigh.
Airteagal 37 4.
Beidh nósanna imeachta oibiachtúla agus trédhearcacha ag an gcontrapháirtí lárnach maidir le comhaltaí imréitigh nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 1 a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil.
Airteagal 37 5.
Ní fhéadfaidh contrapháirtí lárnach rochtain a dhiúltú do chomhaltaí imréitigh a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má thugtar údar cuí leis i scríbhinn agus má tá sé bunaithe ar anailís riosca chuimsitheach.
Airteagal 37 6.
Féadfaidh contrapháirtí lárnach dualgais bhreise shonracha a fhorchur ar chomhaltaí imréitigh, amhail a bheith rannpháirteach i gceantanna maidir le suíomh comhalta imréitigh mhainneachtana. Beidh oibleagáidí breise den chineál sin cionmhar leis an riosca atá tugtha ag an gcomhalta imréitigh agus ní chuirfidh siad srian leis na catagóirí comhaltaí imréitigh ar féidir leo a bheith rannpháirteach.
Airteagal 37 7.

Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na gnéithe atá le breithniú a shonrú tuilleadh nuair a dhéanann CPL an méid seo a leanas:

(a) 

a chritéir iontrála dá dtagraítear i mír 1 a bhunú;

(b) 

measúnú ar chumas contrapháirtithe neamhairgeadais a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh ceanglais éarlaise agus ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana dá dtagraítear i mír 1a a chomhlíonadh.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

na módúlachtaí agus na sainiúlachtaí trína bhféadfadh contrapháirtithe neamhairgeadais rochtain a fháil ar sheirbhísí imréitigh, nó trína ndéanann siad cheana féin é, lena n-áirítear mar chomhaltaí imréitigh díreacha i samhlacha urraithe;

(b) 

an gá atá le rochtain dhíreach atá fónta ó thaobh stuamachta de a éascú do chontrapháirtithe neamhairgeadais ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh CPL;

(c) 

an gá atá le comhréireacht a áirithiú;

(d) 

an gá atá le bainistiú éifeachtach rioscaí a áirithiú.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.