|
+Airteagal 38 8. |
Airteagal 38 8.Déanfaidh comhaltaí imréitigh a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar dá gcliaint:
(a)
faisnéis faoin gcaoi a n-oibríonn samhlacha éarlaise an CPL;
(b)
faisnéis faoi na staideanna agus na coinníollacha a d‘fhéadfadh glaonna ar éarlais a spreagadh;
(c)
faisnéis faoi na nósanna imeachta a úsáidtear chun an méid atá le breacadh ag na cliaint a shuí; agus
(d)
ionsamhlúchán de na ceanglais éarlaise a bhféadfadh cliaint a bheith faoina réir i gcásanna éagsúla. Chun críocha phointe (d), áireofar in ionsamhlúchán na gceanglas éarlaise na héarlaisí a éilíonn an CPL agus aon éarlais bhreise a éilíonn na comhaltaí imréitigh agus na cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh. Ní bheidh torthaí ionsamhlúcháin den sórt sin ina gceangal. Arna iarraidh sin do chomhalta imréitigh, déanfaidh CPL, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar don chomhalta imréitigh sin ionas gur féidir leis an gcomhalta imréitigh sin an chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh, ach amháin má sholáthraítear an fhaisnéis sin cheana de bhun mhíreanna 1 go 7. I gcás ina soláthraíonn an comhalta imréitigh nó cliant seirbhísí imréitigh, agus i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh siad an fhaisnéis sin chuig a gcliaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|